An Ghlasbhealach na Clochán go hUachtar Ard
- Naisc ábhartha eile
- Cothabháil Gheimhridh
- Bóithre & Iompar Sonraí
- Bóithre & Iompar Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Straitéis Iompair na Gaillimhe
- Mótarcháin
- An Glasbhealach ó Ghaillimh go Báile Átha Cliath
- An Ghlasbhealach na Clochán go hUachtar Ard
- Ghlasbhealach na Gaillimhe go hUachtar Ard
- Dúnadh Bóithre a Bhaineann leis an Aimsir
- Dúnadh Bóithre (Sealadach)
- Soilsiú Poiblí
- Modhanna rialú gréasáin
- Bainistíocht Tráchta
- Sábháilteacht Bóthair
- Tógáil Bóthair
- Tógáil Droichid
- Clár Bóithre
- Tograí Bóithre
- Cúrsaí Mara
- Dhúiche Draenála Dhún Coilín
- Clár Measúnaithe agus Bainistíochta Baol Tuilte
- Eastáit Tithíochta a Thógáil i Gcúram
- Fiosrúchán ar Bhóithre agus Seirbhísí
- Plean Gníomhaíoctha
- Taisteal Gníomhach
- Cinntí ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí
D'iarr an Bord Pleanála go mbeadh cóip d'aighneachtaí a fuarthas ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal.
Is féidir cóip de na haighneachtaí a iniúchadh ag na hionaid seo a leanas ar laethanta oibre idir 9.30am agus 4.00pm ón Céadaoin 11ú Meán Fómhair 2024 (gan laethanta saoire poiblí a áireamh):
Ag
- Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX
- Oifigí Thionscadal Bóithre Náisiúnta na Gaillimhe, Teach Corparáideach, Páirc Gnó Oirthear na Cathrach, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh, H91 KT67
- Oifig Ceantair an Chlocháin, Sráid an Mhargaidh, an Clochán, Co. na Gaillimhe H71 Y892
FOIRM AN FHÓGRA I dTAOBH ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH FAOI ALT 76 d’ACHT NA dTITHE, 1966 AGUS AN TRÍÚ SCEIDEAL A GHABHANN LEIS AN ACHT SIN, ARNA LEATHNÚ LE hALT 10 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (UIMH. 2), 1960, LE FOILSIÚ DE RÉIR AIRTEAGAL 4(A) DEN TRÍÚ SCEIDEAL A GHABHANN LE hACHT NA dTITHE, 1966, ARNA LEASÚ LEIS AN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000
TALAMH A FHÁIL GO hÉIGEANTACH
ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH CHOMHAIRLE CONTAE NA GAILLIMHE (BONNEAGAR FISICIÚIL, SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN AGUS ÉIGEANDÁLA AGUS ATHRÚ AERÁIDE), (UIMH. 2), 2024
TIONSCADAL GHLASBHEALACH CHONAMARA, CÉIM 1- AN CLOCHÁN Go
hUACHTAR ARD, CONTAE NA GAILLIMHE.
Tá ordú déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe (dá ngairtear “an t-údarás áitiúil” anseo feasta), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 76 d’Acht na dTithe, 1966 agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leathnú le halt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, arna ionadú le halt 86 d’Acht na dTithe, 1966, arna leasú le halt 6 d’Acht na mBóithre, 1993 agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a bhfuil an teideal sin thuas air agus atá le cur faoi bhráid an Bhoird Pleanála lena dhaingniú.
Má dhaingnítear é, údarófar leis an ordú don údarás áitiúil an talamh a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis seo a fháil go héigeantach chun Tionscadal Ghlasbhealach Chonamara - An Clochán go hUachtar Ard agus na hoibreacha coimhdeacha agus iarmhartacha go léir a fhoirgniú lena n-áirítear struchtúir, dromhchla bóthair, marcálacha bóthair, oibreacha rochtana agus cóiríochta, agus oibreacha gaolmhara eile, a sholáthar sna bailte fearainn seo a leanas
Achoimre ar Fhianaise - Ginearálta
ID: 63415 Ainm (Gaeilge): Na Monga, Ainm (Béarla): Munga
ID: 61946 Ainm (Gaeilge): Imleach Mór Ainm (Béarla): Emlaghmore
ID: 60143 Ainm (Gaeilge): Atraí Ainm (Béarla): Athry
ID: 62120 Ainm (Gaeilge): An Gharmain Ainm (Béarla): Garroman
ID: 63165 Ainm (Gaeilge): Lios Uachtair Ainm (Béarla): Lissoughter
ID: 60714 Ainm (Gaeilge): An Chathair Ainm (Béarla): Caher
Gheobhaidh úinéirí, léasaithe agus áititheoirí na talún a thuairiscítear sa Sceideal fógra scríofa aonair.
Ní fhéadfaidh an Bord –
- ordú ceannaigh éigeantaigh a dhaingniú i leith na talún má dhéanann úinéir, léasaí nó áititheoir na talún agóid i leith na fála, agus nach dtarraingeofar siar í,
- ordú a dhaingniú lena n-údaraítear ceart slí poiblí a mhúchadh má dhéantar agóid i gcoinne an mhúchta, agus nach dtarraingeofar siar í,
go dtí go gcuirfidh sé faoi deara éisteacht ó bhéal a thionól maidir leis an ní agus go dtí go ndéanfaidh sé an agóid agus an tuarascáil ón duine a thionóil an éisteacht ó bhéal a bhreithniú.
Is féidir cóip den Ordú agus de na Sceidil a ghabhann leis an Ordú agus de na léarscáileanna dá dtagraítear ann a iniúchadh ag na hionaid seo a leanas ar laethanta oibre idir 9.30am agus 4.00pm ón Déardaoin an 18 Iúil 2024 go dtí an Déardaoin an 30 Lúnasa 2024 go huile (gan laethanta saoire poiblí a áireamh):
Ag
- Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX
- Oifigí Thionscadal Bóithre Náisiúnta na Gaillimhe, Teach Corparáideach, Páirc Gnó Oirthear na Cathrach, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh, H91 KT67
- Oifig Ceantair an Chlocháin, Sráid an Mhargaidh, an Clochán, Co. na Gaillimhe H71 Y892
Arna dhátú: Déardaoin 18 Iúil 2024
Fógra Poiblí
Sceideal
Mapáil Taisce
Faisnéis Chomhshaoil
- Ráiteas Tionchair Timpeallachta Glasbhealach Chonamara Imleabhar1- Príomhthuaras
- Ráiteas Tionchair Timpeallachta Glasbhealach Chonamara Imleabhar 2 -Aguisíní
- Ráiteas Tionchair Natura Glasbhealach Chonamara
Achoimre ar Fhianaise - Ginearálta
Achoimre ar Fhianaise - Pleanáil
Freagra ar Chuir in Aghaidh Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte