Páirceáil
- Naisc ábhartha eile
- Pleananna Bainistithe Tráchta
- Páirceáil
- Fodhlíthe maidir le Tacsaithe
- Feithiclí agus Comharthaí Neamhúdaraithe
- Luasteorainneacha
Páirceáil
Íoc agus Taispeáin
Tá páirceáil Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm faoi láthair i dTuaim, sa gClochán, i mBaile Locha Riach, sa nGort, i mBaile Átha an Rí agus i mBéal Átha na Sluaighe. Chun freastal ar dhaoine atá ina gcónaí sna bailte sin, is féidir dhá chead páirceála do chónaitheoirí a eisiúint do gach teaghlach, ar chónaitheoirí ar úinéirí feithiclí iad agus a bhfuil a ngnátháit chónaithe lonnaithe ar an tSráid lena mbaineann na fodhlíthe Áiteanna Páirceála.
Cead Páirceála do Chónaitheoirí
Is féidir foirmeacha iarratais a fháil do chead páirceála do chónaitheoirí nua, le hathnuachan a dhéanamh ar chead páirceála do chónaitheoirí agus ar athrú ar fheithicil a chlárú ó na hoifigí seo a leanas. Is féidir na foirmeacha conchlánaithe a sheoladh ar ais chuig na hoifigí seo freisin.
• An tAonad Bóithre agus Iompair, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. - Teil. (091) 509364
• Oifig Cheantair Thuama, an tSráid Ard, Tuaim – Teil. (091)509011
• Oifig Cheantair an Chlocháin, Sráid an Mhargaidh, An Clochán - Teil. (091)509095
• Oifig Cheantair an Ghoirt, Sráid Crowe, An Gort - Teil (091) 509065
• Oifig Cheantair Bhaile Átha an Rí, Church Street, Baile Átha an Rí – Teil. (091) 509088
• Oifig Cheantair Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach - Teil.(091) 509166
• Oifig Cheantair Bhéal Átha na Sluaighe, Béal Átha na Sluaighe , Contae na Gaillimhe – Teil. (091)509074
Téarmaí agus Coinníollacha
• Ar úinéirí feithicle arb í an tSráid lena mbaineann na Fodhlíthe Áiteanna Páirceála a ngnátháit chónaithe a eiseofar Cead Páirceála do Chónaitheoirí. Cóip den Deimhniú Árachais reatha a bhaineann leis an gcláruimhir feithicle a bhfuil ceadúnas á lorg ina leith. Ní mór ainm an iarratasóra a bheith ar an deimhniú ag an seoladh arna chur ar fáil ar an bhfoirm iarratais.
• Is ionann gnátháit chónaithe agus an t-aonad tithíochta ina bhfuil cónaí ar dhuine agus a gcodlaíonn sé ann breis is 183 lá sa bhliain.
• Ní bheidh cónaitheoirí a bhfuil áiteanna páirceála ar leith ag dul lena n-áit chónaithe incháilithe do Chead Cónaitheoirí.
• Eiseofar Dhá Chead Páirceála in aghaidh an tí.
• Is ionann 'Feithicil' is mótarcharr príobháideach, carr fada, nó feithicil paisinéirí nach bhfuil áit inti do níos mó ná seachtar gan an tiománaí san áireamh agus bhfuil aicme cánach 'Príobháideach' dlite ina leith.
• Beidh Cead Páirceála do Chónaitheoirí bailí ar feadh bliana ón dáta eisiúna.
• €10.00 an costas a bheidh ar Chead Páirceála do Chónaitheoirí.
• Ceadóidh Cead Páirceála do Chónaitheoirí don sealbhóir an fheithicil a thugtar ar an gcead a pháirceáil gan teorainn sna háiteanna ainmnithe ar an tsráid (sráideanna) atá liostaithe ar an gcead.
• Ní mór Cead Páirceála do Chónaitheoirí a thaispeáint taobh istigh den fheithicil dar eisíodh é ionas gur féidir é a léamh ón taobh amuigh den fheithicil.
• Má stopann sealbhóir ar Chead Páirceála do Chónaitheoirí ag cónaí ag an seoladh a shonraítear ar an gcead nó murab é úinéir na feithicle níos mó é ní bheidh an cead bailí agus ní mór é a thabhairt ar ais do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ní mór iarratas nua a dhéanamh ansin i ndáil le seoladh nua nó le feithicil nua.
Fodhlíthe Páirceála
Ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe le Fodhlíthe Áiteanna Páirceála, Fodhlíthe Carrchlóis agus Fodhlíthe Tacsaithe chun trácht agus páirceáil a rialú agus a bhainistiú i 5 bhaile sa Chontae:
• Tuaim
• Baile Locha Riach
• An Clochán
• Baile Átha an Rí
• An Gort
Tá fodhlíthe i bhfeidhm i ngach ceann de na bailte sin chun bainistiú ceart agus éifeachtach tráchta a bhainistiú. Cinntíonn Maoir Pobail go gcloítear leis na fodhlíthe seo trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh i ngach baile. Tá páirceáil Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm i limistéir ainmnithe i ngach baile lena chinntiú go leanann an trácht ag gluaiseacht agus go mbeidh teacht acusan a bhíonn ag baint leas as seirbhísí sna bailte ar áit páirceála.
- Fodhlíthe d'Áiteanna Phairceála 2003
- Fodhlíthe d'Áiteanna Phairceála 2003
- Fodhlíthe Sráid na Beairice Baile Locha Riach 2003
- Fodhlíthe Sráid an Easpaig Tuaim 2003
- Fodhlíthe An tSráid Mhór Baile Locha Riach 2003
- Fodhlíthe An Mhainistir Na Tríonóide
- Fodhlíthe An Seamlas 2003
- Fodhlíthe Carrchlóis 2013 Cathair Ruaín, Baile Átha an Rí
- Fodhlíthe Carrchlóis 2013 Sráid Na hEaglaise, Baile Átha an Rí
- Fodhlíthe Carrchlóis 2013 Plásóg Cúil, Baile Átha an Rí
- Fodhlíthe Sráid na Beairice Baile Locha Riach 2003
- NA FODHLITHE UM CHARRCHLOIS AN CHLOIGINN 2016
- Fodhlíthe Charrchlós Mhuiríne Phort Omna do 20-11-2017
Cá bhfuil na spásanna páirceála dóibh siúd faoi mhíchumas thar Chontae na Gaillimhe?
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte