Tréigeadh Bóthar Poiblí
- Naisc ábhartha eile
- Ceadúnas Oscailt Bóthair
- Ceadúnas Speisialta do Ualaigh Mínormálta
- Ceadúnas Clárbhrat & Scafaill
- Tréigeadh Bóthar Poiblí
Rialaíonn Alt 12 d'Acht na mBóithre 1993 bóthar poiblí a thréigean. Caithfidh údarás bóithre de réir an alt seo fógra poiblí a thabhairt maidir le haon moladh chun bóthar poiblí a thréigean.
Caithfear an fógra seo a chur i nuachtán amháin nó níos mó agus caithfear comhartha a chur suas ar cheachtar ceann den bhóthar ar feadh 14 lá ar a laghad. Caithfear tréimhse aon mí amháin ar a laghad a cheadú chun iniúchadh a dhéanamh ar an togra agus coicís eile chun agóidí nó uiríolla a dhéanamh. Caithfidh an t-údarás breithniú a dhéanamh ar gach agóid agus uiríoll i scríbhínn a fhaightear.
Féadfaidh duine a dhéanann agóid nó uiríoll iarratas a dhéanamh don údaras chun a chás/cás a chloisteáil ag éisteacht ó bhéal agus féadfaidh an údarás, má mheastar é a bheith cuí duine a cheapadh chun éisteacht ó bhéal a reáchtáil agus caithfidh an t-údarás breithniú a dhéanamh ar thuairisc an duine sin.
Is feidhm fhorcoiméadta na comhaltaí tofa é ordú a dhéanamh agus breithniú a dhéanamh ar agóidí agus uiríolla.
Caithfear ceadú an aire a fháil chun ordú údarás bóithre a chur i bhfeidhm chun bóthar náisiúnta nó réigiúnach a thréigean. Caithfidh an Aire dul i gcomhairle leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta roimh cinneadh a dhéanamh arna mbeidh éifeacht aige ar bhóthar náisiúnta.
Caithfidh údarás bóithre fógra nuachtáin a fhoilsiú ag fógairt go bhfuil bóthar á tréigean (i.e. nuair atá ordú déanta chun an bóthar a thréigean nó i gcás bóithre náisiúnta nó réigiúnach, nuair atá an ordú tréigin ceadaithe ag an Aire) agus caithfear scéal a chuir chuig na hagóideoirí nó na daoine a rinne na huiríolla.
Ciallóidh bóthar poiblí a thréigean nach mbeidh an údarás bóithre freagrach do chothabháil an bóthar tréigthe, ar a shon sin, ní bheidh éifeacht ag bóthar a thréigean ar ceart slí poiblí thar an bóthar.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte