An Glasbhealach ó Ghaillimh go Báile Átha Cliath
- Naisc ábhartha eile
- Cothabháil Gheimhridh
- Bóithre & Iompar Sonraí
- Bóithre & Iompar Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Straitéis Iompair na Gaillimhe
- Mótarcháin
- An Glasbhealach ó Ghaillimh go Báile Átha Cliath
- An Ghlasbhealach na Clochán go hUachtar Ard
- Ghlasbhealach na Gaillimhe go hUachtar Ard
- Dúnadh Bóithre a Bhaineann leis an Aimsir
- Dúnadh Bóithre (Sealadach)
- Soilsiú Poiblí
- Modhanna rialú gréasáin
- Bainistíocht Tráchta
- Sábháilteacht Bóthair
- Tógáil Bóthair
- Tógáil Droichid
- Clár Bóithre
- Tograí Bóithre
- Cúrsaí Mara
- Dhúiche Draenála Dhún Coilín
- Clár Measúnaithe agus Bainistíochta Baol Tuilte
- Eastáit Tithíochta a Thógáil i Gcúram
- Fiosrúchán ar Bhóithre agus Seirbhísí
- Plean Gníomhaíoctha
- Taisteal Gníomhach
- Cinntí ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí
Nuashonrú ar an Suíomh Gréasáin (Iúil 2021) ar Thionscadal an Rotharbhealaigh ó Ghaillimh go Baile Átha Luain - Rannpháirtíocht Úinéirí Talún
Tá ag éirí go maith le rannpháirtíocht le húinéirí talún maidir leis an bpíosa nua den Ghlasbhealach idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath atá beartaithe idir Gaillimh agus Baile Átha Luain.
Chun an Tionscadal Rotharbhealaigh nua a lainseáil in 2020, thug Foireann an Tionscadail, ar a bhfuil Foireann ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Contae na hIarmhí agus Comhairle Contae Ros Comáin, mar aon le hInnealtóirí Comhairleacha RPS, faoi chomhairliúchán poiblí luathchéime chun éisteacht le haiseolas ón bpobal.
Agus an t-aiseolas a fuarthas á ghlacadh san áireamh, d’aithin an Fhoireann Tionscadail 5 rogha conaire bealaigh féideartha, ag nascadh príomh-nithe agus taitneamhachtaí agus ag úsáid talamh faoi úinéireacht an stáit a mhéid is féidir. D’fhonn na tailte faoi úinéireacht an stáit a nascadh, sainaithníodh ‘limistéir chomhairliúcháin’ ar thailte faoi úinéireacht phríobháideach, áit ar mhaith leis an bhFoireann labhairt leis na húinéirí talún agus bealaí féideartha a iniúchadh. Leanfadh na bealaí seo na gnéithe atá ann cheana agus teorainneacha na feirme, agus ar an gcaoi sin an scaradh a íoslaghdú.
Reáchtáladh Comhairliúcháin Phoiblí maidir leis na 5 rogha conaire bealaigh ar líne go luath in 2021, ag glacadh srianta Covid-19 san áireamh, agus leibhéal tacaíochta den scoth á thaispeáint do na roghanna conaire bealaigh a bhí ar taispeáint, agus fuarthas níos mó ná 8000 aighneacht.
Tá tacaíocht úinéirí talún ríthábhachtach, áfach, maidir le rath an Tionscadail agus leanfar den chaidreamh le húinéirí talún sna trí nó ceithre mhí amach romhainn, agus ina dhiaidh sin roghnófar conair roghnaithe, áit ar féidir le Foireann an Tionscadail a bheith muiníneach gur féidir bealach a sheachadadh le comhaontú ó formhór mór de na húinéirí talún. Fachtóirí eile a chinnfidh an chonair bealaigh is fearr a bheidh ann ná na critéir seo a leanas i.e. a bheith Radharcach, Inbhuanaithe, Straitéiseach, Deighilte le go leor le Feiceáil agus le Déanamh, i dteannta le cúinsí comhshaoil, innealtóireachta agus airgeadais.
Féach bileog ghearr leis seo a dhéanann achoimre ar ár gcur chuige maidir le Rannpháirtíocht Úinéirí Talún don tionscadal seo.
Tá Foireann an Tionscadail ar fáil chun an tionscadal a phlé ar an teileafón (091) 509267 nó seol ríomhphost chuig info@galwaytoathlonecycleway.com. Bheimis sásta cruinniú fíorúil a eagrú leat freisin más fearr leat.
Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal ar fáil ar shuíomh Gréasáin an tionscadail www.galwaytoathlonecycleway.com
Nuashonrú ar an Láithreán Gréasáin maidir le Glasbhealach na Gaillimhe go Baile Átha Luain
Tar éis sos cúig bhliana, tá an chuid den Ghlasbhealach ó Ghaillimh go Baile Átha Luain á fhorbairt arís ón tús. Tá Comhairlí Chontae na hIarmhí, na Gaillimhe agus Ros Comáin ag déanamh bainistiú i gcomhar ar an tionscadal le TII, agus is í Comhairle Chontae na hIarmhí an t-údarás ceannais.
Ceapadh comhairleoirí nua, RPS, go luath in 2020 chun bealach a fhorbairt don Ghlasbhealach. Tá oifig i nGaillimh ag RPS, bhíodar ina gcomhairleoirí ar thionscadal an M6 chomh maith le tionscadail mhóra eile i nGaillimh agus tá an-eolas acu ar gceantar.
Tá oifig tionscadail bunaithe os cionn na Leabharlainne i mBéal Átha na Sluaighe agus tá pearsanra ó na Comhairlí agus ó RPS ag obair inti. Tá sé i gceist an Oifig Tionscadail a oscailt arís i gcomhréir le treoir sláinte agus sábháilteachta an Rialtais chun teagmháil dhíreach leis an bpobal agus le húinéirí talún a éascú chomh luath agus is féidir. Idir an dá linn, tá an fhoireann ag obair ó chian ag ullmhú do ghníomhaíochtaí comhairliúcháin phoiblí sna míonna amach romhainn.
Tá an-bhéim ar chomhchomhairliúchán agus beidh 5-6 bhall den fhoireann tionscadail, foireann RPS agus foireann na Comhairle, tiomnaithe ar fad d'idirchaidrimh le húinéirí talún.
Tá teacht ag an bpobal ar níos mó ná 100km de Ghlasbhealach na Gaillimhe go Baile Átha Cliath, is é sin idir Maigh Nuad agus Baile Átha Luain i láthair na huaire. Beifear ag tógáil droichead rothair trasna na Sionainne an bhliain seo chugainn a cheanglóidh an chuid seo le Caisleán Bhéal Átha Luain. Síneoidh an glasbhealach atá beartaithe ó Ghaillimh go Béal Átha Luain ó Chaisleán Bhéal Átha Luain go láthair i gCathair na Gaillimhe, Baile an Locháin ar an thaobh thoir den chathair is dóigh a bheidh i gceist. Tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an NTA faoin nGlasbhealach trasna na Cathrach a phleanáil agus a fhorbairt chun é a cheangal le Glasbhealach Chonamara.
Tá pointí ceangail aitheanta i mBéal Átha Luain agus i nGaillimh go dtí seo agus sin amháin. Seachas sin, beidh an fhoireann tionscadail ag tabhairt faoin mbealach nua a roghnú mar aon leis an áit a bheidh i gceist lena n-intinn oscailte acu. Staidéar i ndáil le Srianta a bheidh i gceist leis an gcéad chéim atá ar bun i láthair na huaire, agus tá an limistéar staidéir á mheas as an nua. Tá an Fhoireann Tionscadail i mbun measúnaithe ar dtús, na tailte laistigh den limistéar staidéir atá faoi úinéireacht an stáit cheana féin a shocrú, talamh faoi úinéireacht Ghníomhaireachtaí Rialtais, Ranna Rialtais agus Údaráis Áitiúla ina measc.
Tá eolas ar an tionscadal le fáil ar an láithreán gréasáin atá tiomnaithe don tionscadal www.galwaytoathlonecycleway.com
Comhairliúchán Poiblí Uimh 1
Reáchtáladh Comhairliúchán Poiblí Uimh. 1 i mí Lúnasa 2020, agus is féidir sonraí a fháil sa bhróisiúr thíos agus ar láithreán gréasáin an tionscadail: www.galwaytoathlonecycleway.com
Rotharbhealaigh ó Ghaillimh go Baile Átha Luain Comhairliúchán Poiblí Uimh.1
Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 Roghanna Conair Bhealaigh
Reáchtálfar Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 i mí Eanáir/Feabhra 2021, agus is féidir sonraí a fháil sa bhróisiúr thíos agus ar láithreán gréasáin an tionscadail: www.galwaytoathlonecycleway.com
Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 Roghanna Conair Bhealaigh - Fógra
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte