An tSeirbhís Garda Tarrthála
- Naisc ábhartha eile
- Forbhreathnú
- Áiseanna & Taitneamhacht Foirmeacha & Ríomheolaíoc
- Ionad Chath Eachroma
- Páirc Aineasa Dhún Leo, de Bhaile Bhéal Átha Sluai
- An tSeirbhís Garda Tarrthála
- Páirceanna Spraoi
- Páirc Rinn Mhíl,Órán Mór
- Samhradh Réidh 2024
Tá cósta breá le Contae na Gaillimhe a bhfuil go leor áiteanna snámha cois cósta agus cois locha atá ar chaighdeán Bhratach Ghorm an AE. Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe Sábháilteacht Uisce chun cinn lena rannpháirteacht ar Choiste an Chontae um Shábháilteacht Uisce agus le Gardaí Tarrthála a chur ar fáil ó mhí Meithimh go Meán Fómhair ar roinnt tránna agus ag áiteanna snámha faoin aer.
Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe Seirbhísí Garda Tarrthála a riar thar ceann Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe araon. Déanann an dá Chomhairle maoiniú ar an tseirbhís. Gach bliain cuirtear painéal Gardaí Tarrthála ard-cháilithe le chéile. Bíonn ar an laghad beirt Ghardaí Tarrthála ar fáil in áiteanna snámha ainmnithe de réir na gcaighdeán atá leagtha amach ag International Life Saving Federation of Europe (ILSE). Tá ceithre thrá dhéag agus dhá loch i gContae agus i gCathair na Gaillimhe a mbíonn Gardaí Tarrthála fostaithe acu i rith shéasúr an tsamhraidh agus tá Gardaí Tarrthála sainithe do gach trá a bhfuil Bratach Ghorm aici. Bronntar Bratach Ghorm ar áiteanna snámha a mbíonn ard-chaighdeán uisce ag baint leo agus a chuireann saoráidí éagsúla ar fáil, lena n-áirítear Gardaí Tarrthála agus saoráidí leithris. Bronntar Bratach an Chósta Ghlais ar áiteanna snámha tuaithe a mbíonn ard-chaighdeán uisce ag baint leo agus a dhéanann caighdeán an uisce sin a chosaint.
Tránna le cathaoireacha rothaí trá san áireamh
Teagmháil maidir le Tuilleadh Eolais a fháil: Taitneamhacht agus Caitheamh Aimsire (Seirbhísí Garda Tarrthála), Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Chontae na Gaillimhe 091 509225 / Fiona Holland, An tOifigeach Sábháilteachta Uisce .
An tSeirbhís Garda Tarrthála
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Thránna na Brataí Goirme agus ar Ghradaim an Chósta Ghlais nó ar chaighdeán uisce snámha i gContae na Gaillimhe téigh chuig: http://www.bathingwater.ie
Seirbhísí Corparáideacha (091) 509225
Sábháilteacht Uisce
Noda maidir le bheith Sábháilte ag Snámh
Féach i gcónaí le dul ag snámh ar thránna nó in áiteanna a bhfuil gardaí tarrthála ar dualgas.Bíodh duine leat, ná bí i d’aonar.
- Ná téigh ag snámh tar éis a bheith ag ithe
- Ná téigh ag snámh go brách sa dorchadas ná nuair a bhíonn tú te nó tuirseach
- Ná téigh ag snámh in áiteanna nach bhfuil eolas agat orthu
- Ná téigh amach i ndiaidh nithe a bheadh ag imeacht le farraige
- Ná fan san uisce rófhada
- Ná snámh amach i bhfarraige
- Snámh in aice an chladaigh
- Tabhair aird ar ghardaí tarrthála agus snámh idir bratacha na ngardaí tarrthála
- Ná bain úsáid go brách as bréagáin inséidte
- Tabhair aird ar na comharthaí ar an trá
- Ná bí ag bulaíocht ar aon duine agus ná cuir iallach orthu dul sa seans
- Foghlaim le trealamh a úsáid sula dtriailfidh tú é
- Bíodh buntacaíocht beatha ar eolas agat
Ní mór d’aon duine a bheidh ag dul ag seoltóireacht nó ag baint leasa as soithí eile seaicéad sábhála nó áis snámhachta a chaitheamh i gcónaí.
Reáchtálann Coiste Contae Sábháilteacht Uisce na hÉireann seachtainí sábháilteachta uisce ag suas le aon áit déag sa samhradh lena n-áirítear, Inis Mór, Inis Oírr agus Inis Meáin agus ar thránna in Uachtar Ard, Corr na Móna, an Cheathrú Rua, Port Omna, Baile Locha Riach agus Bóthar na Trá. Reáchtáiltear cúrsaí i Leisureland, Gaillimh gach maidin Domhnaigh ó Dheireadh Fómhair go Meitheamh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar shábháilteacht uisce téigh chuig Sábháilteacht Uisce na hÉireann http://www.iws.ie/
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte