Páirceanna Spraoi
- Naisc ábhartha eile
- Forbhreathnú
- Áiseanna & Taitneamhacht Foirmeacha & Ríomheolaíoc
- Ionad Chath Eachroma
- Páirc Aineasa Dhún Leo, de Bhaile Bhéal Átha Sluai
- An tSeirbhís Garda Tarrthála
- Páirceanna Spraoi
- Páirc Rinn Mhíl,Órán Mór
- Samhradh Réidh 2024
Is cuid bhunúsach de nádúr gach leanbh é an spraoi agus rachaidh leanaí, cuma cá bhfuil siad, ag spraoi.
Is áit saor in aisce iad na Páirceanna Spraoi do leanaí, dá dteaghlaigh agus dá gcúramóirí le dul ag spraoi, ag fiosrú agus le sult a bhaint as an saol faoin aer. Tá breis is caoga páirc spraoi ar fud Chontae na Gaillimhe d’áitritheoirí agus do chuairteoirí a dhéanann freastal ar leanaí ó aois réamhscoile go mbeidh siad ina ndéagóirí. Bíonn trealamh spraoi ar fáil i go leor acu do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus tá áiseanna clár scátála ar fáil do leanaí níos sine i dTuaim agus i mBaile Locha Riach.
Spraoi sa bPáirc, Lá Spraoi, Naisiúnta, Eachroim 2013
Chun liosta iomlán na bpáirceanna spraoi a fháil agus na háiteanna a bhfuil siad téigh chuig an láithreán gréasáin http://galwaycoco.maps.arcgis.com nó íoslódáil Lets Play Tar Liom ag Spraoi Co Galway Playground Guide 2015
Bíonn tacaíocht ag páirceanna spraoi ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Grúpaí Pobail Áitiúla, Comhlachtaí Forbartha Áitiúla Lánpháirtithe agus grúpaí áitiúla bailithe airgid. Comhairle Chontae na Gaillimhe a oibríonn agus a choinníonn roinnt de na Páirceanna Spraoi ach grúpaí pobail áitiúla a reáchtálann a bhformhór díobh. Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe an obair mhór a dhéanann tuismitheoirí agus oibrithe deonacha chun páirceanna áitiúla a fhorbairt agus a choinneáil agus tá sí buíoch díobh. Iarraimid ortsa tacú leis an obair sin agus a bheith measúil ar na rialacha a bhaineann le gach páirc spraoi agus cuidiú linn iad a choinneáil mar áiteanna sábháilte agus saor ó bhruscar.
Spraoi sa bPáirc, Lá Spraoi, Naisiúnta, Eachroim 2013
Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an bpolasaí ‘Saor ó Thoit Tobac’ atá i bhfeidhm ag páirceanna spraoi de chuid na Comhairle agus táthar ag súil go nglacfaidh go leor páirceanna spraoi eile an polasaí céanna.
Spraoi sa bPáirc, Lá Spraoi, Naisiúnta, Eachroim 2013
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
An tOifigeach Spraoi, Áiseanna agus Caitheamh Aimsire, Seirbhísí Corparáide, Comhairle Chontae na Gaillimhe ag 091-509310
Maidir le Grúpaí Áitiúla ar mian leo Páirceanna Spraoi a fhorbairt, féach le do thoil an Cháipéis Comhaontu maidir le pairc spraoi
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le caighdeáin Páirceanna Spraoi féach http://www.rospa.com
Chun eolas a fháil ar Pháirceanna Spraoi i gCathair na Gaillimhe téigh chuig http://www.galwaycity.ie
Chun eolas a fháil ar Bheartais Náisiúnta agus Tionscadail Leanaí agus Spraoi téigh chuig an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ag http://www.dcya.gov.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte