Plean Bainistíochta Choillearnach Páirc Rinn Mhíl
- Naisc ábhartha eile
- Forbhreathnú
- Áiseanna & Taitneamhacht Foirmeacha & Ríomheolaíoc
- Ionad Chath Eachroma
- Páirc Aineasa Dhún Leo, de Bhaile Bhéal Átha Sluai
- An tSeirbhís Garda Tarrthála
- Páirceanna Spraoi
- Páirc Rinn Mhíl,Órán Mór
- Samhradh Réidh 2024
Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe bainistíocht ar Pháirc Rinn Mhíl, Rinn Mhíl Thiar, Órán Mór thar ceann Chomhairle Chathair na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá an Pháirc faoi úinéireacht an dá Chomhairle ón mbliain 1986 i leith.
Tá tailte féaraigh taitneamhachta, bánta, loch beag, slite siúlóide i gcoillearnach, láthair spraoi agus ionad gleacaíochta faoin spéir sa Pháirc chomh maith le réimse maith den oidhreacht foirgníochta le Caisleán ar dhéanamh Túir, teach Geata agus fothracha Theach Rinn Mhíl. Tá Páirc Rinn Mhíl ainmnithe mar áit stoptha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Mar gheall ar ardú ar líon na gcrann buaircíneach a leagtar leis an ngaoth gach geimhreadh sa Pháirc, choimisiúnaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe Suirbhéireacht Gnáthóg agus Plean Bainistíochta Pháirc Rinn Mhíl agus Plean Bainistíochta Choillearnach Pháirc Rinn Mhíl. Is é atá d'aidhm leis na Pleananna seo caomhnú fadtéarmach na coillearnaí a chinntiú trí bhainistíocht a dhéanamh ar an athrú ó choillearnach mheasctha (crainn leathanduilleacha agus crainn bhuaircíneacha) go dtí coillearnach de chrainn dúchais agus de chrainn leathdhúchais agus an choill a bheith sábháilte ag lucht úsáide na páirce. Tá an choillearnach (c.18 heicteár) déanta suas as crainn leathanduilleacha (c. 13.32 ha/c. nó 74 faoin gcéad) agus réimse de sprús Sitceach (crainn bhuaircíneacha) lena mbaineann achar 4.69ha/c nó 26 faoin gcéad.
Leagtar amach clár oibre bliantúil i bPlean Choillearnach Rinn Mhíl maidir leis an tréimhse 2015-2024. Déantar an réimse Coillearnaí a dheighilt faoin bPlean ina cheapacha agus ina fho-cheapacha le líon measta na gcrann leathanduilleach agus na gcrann buaircíneach i ngach ceapach. Dírítear sa chlár oibre ar an mbaol a ghabhann le crann buaircíneach atá ag fáil bháis nó atá rófhásta agus ar chrainn óga de chineálacha dúchais agus leathdhúchais de chrainn leathanduilleacha a chur in áit na gcrann Sprús Sitceach. Beidh cuspóirí an Phlean a thabhairt i gcrích suntasach maidir leis an gcoillearnach a chothú do na glúnta atá romhainn agus is tábhachtach an díograis seo a chaitheamh leis an bPáirc a mbíonn oiread taitnimh aisti.
Tá an méid seo a leanas i gceist:
Glanleagan—déanfar seo ar 3 cinn de na 13 ceapach. Tá gá leis chun crainn atá marbh ina seasamh agus Sprús Sitceach a bhfuil damáiste déanta dóibh a thabhairt chun bealaigh mar go bhfuil contúirt iontu. D'fhéadfadh nach mbeadh cuma ró-álainn ar an gcoill agus na stumpaí le feiceáil ach fágfaidh solas an lae a theacht go lár an fhásra go bhfásfaidh an chuid eile den fhásra go tréan agus go gcoinneoidh na crainn óga a chuirtear a ngreim. Is chun costas na hoibre a ghlanadh amháin a dhéanfar an t-adhmad ó na ceapacha seo a dhíol agus cuirfear aon teacht isteach d'fharasbarr ar an gcostas i leith na hathphlandála. Tanúchán—Sprús Sitceach faoi leith a leagan san áit a bhfuil ceann istigh le crainn leathanduilleacha atá i gceist leis an obair seo a dhéanann saineolaí crann. Is iondúil an crann a leagtar ar mhaithe le tanúchán a fhágáil mar a leagtar é agus cé nach móide gur deas an radharc sin ar dtús, cuirtear leis an mbithéagsúlacht agus leis an sruth cothúcháin go ginearálta. Cuireann obair den sórt seo feabhas ar an bhfuílleach a leanann ag fás. Glanadh—is í an obair bhainistíochta a dhéantar gach bliain maidir leis an bhfásra atá in iomaíocht leis na crainn óga atá i gceist leis seo, glantar sin ionas go mbíonn forás faoina crainn óga.
Déanfar an obair ar fad ar an láthair faoi smacht géar. Oibrítear de réir na gcaighdeán is fearr maidir le cúrsaí Sláinte agus Sábháilteachta agus le cúrsaí Bithéagsúlachta. Is de réir Cheadúnas arna eisiúint ag an tSeirbhís Foraoiseachta a dhéantar aon chrann a leagan.
Tá an clár oibre á mhaoirsiú ag Brainse na Seirbhísí Corparáide i gComhairle Chontae na Gaillimhe a dhéanann bainistíocht ar an bPáirc do na comhúinéirí (Comhairle na Cathrach agus an Chomhairle Contae). Tabharfar fógra roimh ré i ndáil le gach cuid den obair agus crochfar eolas oifigiúil agus comharthaí sábháilteachta go feiceálach sa Pháirc. Beidh daoine den lucht foirne ar fáil i gcónaí ag áitritheoirí agus ag úinéirí talún lámh leis an bPáirc agus chun gach fiosrú a dhéanann daoine den phobal a fhreagairt.
Fanacht ar an Eolas faoin bPlean?
Is féidir teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig corpserv@galwaycoco.ie ag rá gur mhaith leat a bheith ar liosta na ndaoine a fhaigheann na scéalta is deireanaí faoi Phlean Bainistíochta Choillearnach Pháirc Rinn Mhíl ar an ríomhphost.
Is féidir glaoch ar Sheirbhísí Corparáide, Comhairle Chontae na Gaillimhe ar 091-509225, agus a dheimhniú gur mhaith leat na scéalta is deireanaí a fháil uainn ar an bpost.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte