Ionad Chath Eachroma
- Naisc ábhartha eile
- Forbhreathnú
- Áiseanna & Taitneamhacht Foirmeacha & Ríomheolaíoc
- Ionad Chath Eachroma
- Páirc Aineasa Dhún Leo, de Bhaile Bhéal Átha Sluai
- An tSeirbhís Garda Tarrthála
- Páirceanna Spraoi
- Páirc Rinn Mhíl,Órán Mór
- Samhradh Réidh 2024
Téigh siar sa stair in Ionad Cuairteoirí Chath Eachroma agus ar Chosán Pháirc an Chatha.
Bí i láthair ag ceann de na cathanna is stairiúla san Eoraip a d’athraigh cúrsa stair na hÉireann agus stair na hEorpa freisin.
Faigh amach faoi mar a ghlac triúr Ríthe Eorpacha a bhí in iomaíocht lena chéile (Liam Oráiste, Séamas 11 agus Louis XIV) greim ar Éirinn agus iad ag iarraidh ceannas a bhaint amach, breis agus 35,000 saighdiúir bailithe le chéile in Eachroim i 1691, don chath a chruthaigh mar phríomhchath sainithe Chogadh Rí Liam in Éirinn. Foghlaim faoi Chath Eachroma i gcomhthéacs na mórimeachtaí eile de Chogadh Rí Liam mar Cath na Bóinne, léigir Bhaile Átha Luain agus Luimnigh agus Teitheadh na nGéanna Fiáine.
Tabhair faoi Chosán Pháirc an Chatha le mórscéal cheann de na cogaí is fuiltí san Eoraip a nochtadh ar léir fós é i dtaobh tíre síochánta an lae inniu.
Cath 1691 Ionad Cuairteoirí Aughrim ... Nuair a éiríonn cath stairiúil agus ríthábhachtach beo!!
Tuilleadh cuairte a fhoghlaim: https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/places/battle-of-aughrim-visitor-centre
Uaireanta Oscailte Séasúr an TSamhraidh: Meitheamh/Iúil/Lúnasa
Uaireanta Oscailte: Máirt go Satharn - 10.30 r.n. go 4.30 i.n. & Dé Domhnaigh - 2.00 i.n. go 5.00 i.n.
Facebook: https://www.facebook.com/pages/The-Battle-of-Aughrim-1691/
Teil: 09096 73939 / r-phost: battleofaughrim@galwaycoco.ie
Lonnaithe i sráidbhaile Eachroma idir Béal Átha na Sluaighe agus Baile Locha Riach (7km ó Bhéal Átha na Sluaighe agus 22km ó Bhaile Locha Riach). Gar don N6 & Bealach Amach 15 an M6, Mótarbhealach Bhaile Átha Cliath go Gaillimh.
Stad bus iarrata: féach amchláir Bhus Éireann www.buseireann.ie (Bealach 20 – Gaillimh go Baile Átha Cliath).
Aughrim Visitors Centre from VisitorFlix on Vimeo.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte