COVID-19 - Teagmhálaithe Seirbhísí
- Naisc ábhartha eile
- COVID-19 - Eolas is Déanaí maidir lenár Seirbhísí
- COVID-19 - Teagmhálaithe Seirbhísí
- Gnó
- Seirbhísí
- Teagmháil
- Mapa an Láithreáin
- Nuacht
Seirbhísí Custaiméara, Corparáideacha agus Bainistiú Áiseanna
Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl go bhfuil rochtain phoiblí ar ár n-oifigí oscailte anois, de réir Bhearta Covid-19.
Is féidir comhfhreagras, iarratais, cáipéisíocht agus cumarsáid scríofa eile a chur ar aghaidh i gcónaí ar an ngnáthbhealach faoi réir gnáthseirbhísí poist a bheith ag leanúint ar aghaidh. Féach ar an leathanach COVID-19 An tEolas is déanaí maidir lenár gcuid Seirbhísí atá againn chun tuilleadh eolais a fháil.
- Seirbhísí do Chustaiméirí
091 -509000
customerservices@galwaycoco.ie
Mótarcháin
Is féidir athnuachaintí mótarchánach a phróiseáil ar líne trí logáil isteach ar www.motortax.ie Is iad an sé dhigit dheireanacha ar do Theastas Cláraithe Feithicle d'uimhir pin do charr ar cuireadh cáin uirthi roimhe seo. Gheobhaidh tú an uimhir sin thuas sa choirnéal ar thaobh na láimhe deise de do Theastas Cláraithe Feithicle agus tosaíonn sí leis an uimhir "C".
I gcás fheithiclí nua/iompórtáilte, is iad na sé dhigit dheireanacha de d'uimhir an fhráma d'uimhir pin.
Sa chás is nach féidir d'iarratas a phróiseáil ar líne, déan teagmháil leis an Roinn Iompair, An tSionainn, Co. an Chláir ar an uimhir 0818 411 412, email motortax@dttas.ie
Is féidir iarratais ar an bpost a sheoladh freisin chuig na hOifigí Mótarchánach i nGaillimh, Béal Átha na Sluaighe nó An Cheathrú Rua. Ná seol airgead tirim sa bpost.
Má bhíonn aon cheist eile agat, déan teagmháil linn ar na bealaí seo a leanaí:
- motortax@galwaycoco.ie
- Gaillimh
091 509099 - Béal Átha na Sluaighe
091 509075
Seirbhísí Leabharlainne
Tá na leabharlanna ar fad dúnta go dtí go bhfógraítear a mhalairt. Níl aon chead ag an bpobal dul isteach sna leabharlanna. Is féidir leabhair atá le tabhairt ar ais a leagan isteach sa bhosca má tá a leithéide ar fáil. Tabhair do d’aire le do thoil: Tá seachadtaí Newspread ar ceal go dtí go bhfógraítear a mhalairt.
Tá ríomhSeirbhísí fós ar fáil. Is féidir le baill leabharlainne teacht ar ríomhLeabhair, ríomhClosleabhair, ríomhIrisí agus ríomhNuachtáin ón mbaile. Tá foireann na leabharlainne ar fáil le cúnamh a thabhairt do chustaiméirí a bhfuil deacrachtaí acu teacht ar na nithe sin le húdar ar bith.
- info@galwaylibrary.ie
- Ceanncheathrú na Leabharlainne
091-509388
- Leabharlann na Cathrach
091-509094
Pleanáil
Tá an cuntar poiblí san aonad Pleanála oscailte do ghnó riachtanach amháin.
Ba chóir fiosruithe i ndáil le cúrsaí ginearálta pleanála a dhéanamh ar an bhfón nó ar an ríomhphost nuair is féidir.
Is féidir iarratais a chur ar aghaidh sa bpost nó iad a leagan isteach ag an deasc pleanála.
- Iarratais phleanála
091 509043
housingapplications@galwaycoco.ie
- Forfheidhmiú Pleanála
091 509042
housingapplications@galwaycoco.ie
- Polasaí Pleanáil Chun Cinn
091 509043
housingapplications@galwaycoco.ie
Bóithre agus Seirbhísí Uisce
Ba chóir do chustaiméirí cuairteanna chuig oifigí comhairle ar fud an Chontae a sheachaint. Ba chóir teagmháil a dhéanamh ar an bhfón nó ar an ríomhphost.
Tosaíocht a bheidh ann an líonra bóithre a choinneáil oscailte agus sábháilte d'úsáideoirí bóthair. D'fhéadfaí srian a chur ar obair nach bhfuil riachtanach nó d'fhéadfaí í a chur ar fionraí dá dteastódh a leithéide a dhéanamh.
Tabharfar tús áite do Sheirbhísí Uisce lena chinntiú go bhfuil uisce le hól ar chaighdeán maith ar fáil agus déanfar cúram do sheirbhísí séarachais. D'fhéadfaí srian a chur ar obair nach bhfuil riachtanach nó d'fhéadfaí í a chur ar fionraí dá dteastódh a leithéide a dhéanamh.
- Bóithre
091 509309
roads@galwaycoco.ie
- Uisce
1850 278 278
water@galwaycoco.ie
Áineas agus Taitneamhacht
091 509000
customerservices@galwaycoco.ie
Fanfaidh na páirceanna agus spásanna oscailte ar fad oscailte, ach iarrtar ar an bpobal cloí leis an treoir ar fad atá eisithe ag an HSE/Sláinte Phoiblí chun scaipeadh an víris a chosc.
Tá na páirceanna spraoi ar fad dúnta go hoifigiúil, agus iarrtar ar an bpobal úsáid a bhaint as spásanna oscailte le haghaidh caitheamh aimsire le leanaí. Ní mór do thuismitheoirí/caomhnóirí a chinntiú go bhfuiltear ag fanacht amach ó dhaoine eile agus go bhfuiltear ag cloí le comhairle eile an HSE/Sláinte Phoiblí.
- Páirc Rinn Mhíl, Órán Mór – oscailte
- Páirc Áineasa Dhún Leo, Béal Átha na Sluaighe - oscailte
- Tailte Pallas Tuaim – oscailte
- Ionaid Fóillíochta - Béal Átha na Sluaighe & Tuaim (arna bhfeidhmiú ag Coral Leisure) – dúnta go dtí go bhfógraítear a mhalairt
- Páirceanna Spraoi – oscailte
Forbairt Eacnamaíochta, Pobail agus Cultúir
091 509521
Leanfaidh an fhoireann de sheirbhísí a chur ar fáil ar an ríomhphost, ar an bpost agus ar an teileafón. Áirítear ar na príomhsheirbhísí
- An tSeirbhís Ealaíon
artsoffice@galwaycoco.ie
- Forbairt & Tacaíochtaí Pobail, Cuimsiú Sóisialta agus Forbairt & Athghiniúint Eacnamaíochta
CE-Staff@galwaycoco.ie - An Chomhpháirtíocht Spórt Áitiúil
Sports@galwaycoco.ie
- Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN)
administrator@galwaycountyppn.ie
An Timpeallacht agus Gníomhú ar son na hAeráide
- Seirbhísí Timpeallachta
091 509510
Environment@galwaycoco.ie
Tá tús áite tugtha do sheirbhísí riachtanacha na rannóige Timpeallachta agus leanfar dá gcur i bhfeidhm, go príomha ar bhonn cianda. Áirítear ar na seirbhísí sin:
- Sampláil ar chaighdeán uisce.
- Bainistiú agus forfheidhmiú dramhaíola.
- Láithreacha Fóntas Poiblí
- Pónaí madraí
- Seirbhísí tréidliachta, lena n-áirítear Sábháilteacht Bia.
DO CHUID BOSCAÍ BRUSCAIR A CHUR AMACH
Beidh soláthraí do sheirbhíse bailithe bruscair ábalta an t-eolas is déanaí a thabhairt duit nó aon fhiosruithe atá agat a fhreagairt maidir le seirbhísí leanúnacha bailithe dramhaíola tí.
Tabhair do d'aire go bhfuil sé comhaontaithe, i gcomhréir le coinníoll 6.6.12 de na Ceadúnais Bailiúcháin Dramhaíola tí, nach mbeidh aon theorainn ama i bhfeidhm i ndáil le dramhaíl teaghlaigh ar cholbha an chosáin a bhailiú ar feadh thréimhse ghéarchéim sláinte reatha COVID-19.
BOSCAÍ BRUSCAIR DRAMHAÍOLA A LÁIMHSEÁIL
Déan teagmháil le do chonraitheoir dramhaíola le comhairle a fháil maidir le boscaí bruscair a láimhseáil.
DO D'AONRÚ FÉIN?
Tá sé tábhachtach, fiú agus tú do d'aonrú féin, go ndéileáiltear le haon dramhaíl a bheidh ann dá bharr i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha amach ag an HSE thíos.
- Cuir aon dramhaíl phearsanta, lena n-áirítear ciarsúir pháipéir, maisc agus gach dramhaíl glantacháin isteach i mála bruscair plaisteach.
- Cuir snaidhm ar an mála nuair a bheidh sé beagnach lán. Cuir an mála plaisteach isteach i mála bruscair eile agus cuir snaidhm air.
- Fág an mála in áit shábháilte. Ní mór an mála a fhágáil amuigh 3 lá sula mbeidh an bailiú ann.
- Faigh réidh le haon dramhaíl eile ar an ngnáthbhealach.
IONAID TABHARTHA
Tá líonra na n-ionad tabhartha ar fud na tíre i bhfeidhm faoi láthair. D'fhéadfadh athrú teacht air sin áfach de réir mar a bheidh athrú ag teacht ar ghéarchéim Covid-19. Coinnigh súil amach don nuacht is déanaí ar www.galway.ie .
Bíodh meas agat ar dhaoine eile nuair atá tú ag baint úsáid as na láithreacha seo agus cloí leis na prótacail a bhaineann le fanacht amach ó dhaoine eile. Má bhíonn na bainc lán, ná fág ábhar ag an láthair le do thoil. Tabhair an t-ábhar abhaile arís leat agus tuairiscigh na bainc ar environment@galwaycoco.ie nó glaoigh ar an uimhir 091 509510.
IONAID ATHCHÚRSÁLA
Tá na hionaid athchúrsála i dTuaim, sa Chlochán agus i mBéal Átha na Sluaighe ag feidhmiú faoi láthair. D'fhéadfadh athrú teacht air sin áfach de réir mar a bheidh athrú ag teacht ar ghéarchéim Covid-19. Coinnigh súil amach don nuacht is déanaí ar www.galway.ie .
Bíodh meas agat ar dhaoine eile nuair atá tú ag baint úsáid as na láithreacha seo agus cloí leis na prótacail a bhaineann le fanacht amach ó dhaoine eile. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Barna Recycling ar an uimhir 091 771619 má bhíonn aon cheisteanna agat.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte