Gaillimh 2016
- Naisc ábhartha eile
- An tSeirbhís Cartlainne
- An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
- Oideachas
- Gaillimh 2016
- Oidhreacht
- Folúntais
- Turasóireacht
- Tréidliacht
Nuacht - Fís an Phiarsaigh i 2016
‘AG CUIMHNEAMH AR AN ÉIRÍ AMACH’ 25 ú Aibreán – 8ú Bealtaine 2016
AG CUIMHNEAMH AR AN ÉIRÍ AMACH
CLÁR COMÓRTHA CÉAD BLIAIN 1916 i gCONTAE NA GAILLIMHE
Tá naisc láidre ag muintir Chontae na Gaillimhe le himeachtaí Éirí Amach 1916 agus leis an tréimhse thábhachtach sin i stair na Gaillimhe agus na hÉireann. Is i nGaillimh a rugadh Éamonn Ceannt agus ba ann a chaitheadh Pádraig Mac Piarais an samhradh chomh maith. Is sa chontae seo a bhí ceann de na fórsaí d’Óglaigh na hÉireann ba mhó a slógadh, agus cé nach raibh airm ná trealamh cearta acu, bhuail siad buille do neamhspleáchas na hÉireann.
Tá sé mar aidhm ag an gclár do Chontae na Gaillimhe, a d’fhorbair Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhairliúchán agus i gcomhpháirt le pobail an Chontae, aitheantas a thabhairt do na naisc láidre leis an tréimhse shainitheach seo. Tá sé mar aidhm leis chomh maith comóradh a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla Cháisc 1916, chun ómós a thabhairt dóibh siúd ar fad a bhí páirteach agus a raibh tionchar ag na himeachtaí sin ar a saol agus chun tuiscint na glúine reatha agus glún amach anseo ar imeachtaí sainitheacha na tréimhse a bhreisiú.
Clár Comórtha Céad Bliain 1916 Chontae na Gaillimhe
Éirí Amach 1916 Chontae na Gaillimhe: Stair Ghairid (béarla)
Aithnítear inár gclár an tsuntasacht speisialta a bhaineann leis an gcomóradh céad bliain do ghaolta na ndaoine a bhí gníomhach san Éirí Amach inár gContae.
rphost: gaillimh2016@galwaycoco.ie
TÁ ÉIRE 2016: CLÁR COMÓRTHA CÉAD BLIAIN bunaithe ar Sheacht Snáithe an Chláir, agus nuair a thógtar iad sin i dteannta a chéile, léiríonn siad na téamaí Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i Láthair, Samhlú agus Ceiliúradh. Leanfar ar aghaidh le fás agus forbairt na gclár sna míonna amach romhainn. Leis an gclár nuashonraithe a fheiceáil, chomh maith le cláir chontaetha eile agus an clár náisiúnta le haghaidh 2016, téigh chuig www.ireland.ie
Taispeántais d'Ábhar Cartlainne – Sceideal Taispeántais
Tá taighde déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus dhá thaispeántas taistil dhátheangach curtha le chéile mar chuid de chlár imeachtaí Chomóradh Chéad Bliain 1916. Is é is mó atá sna taispeántais, íomhánna d'ábhar as bailiúcháin Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe trína leagtar béim ar an méid bunábhair atá ar coimeád maidir leis an tréimhse seo i stair na hÉireann agus i stair Chontae na Gaillimhe. Táthar ag tnúth go gcuirfidh na taispeántais leis an tuiscint agus leis an eolas ar an tréimhse chomh maith le breis fiosrúcháin sna bailiúcháin a spreagadh agus a chothú agus lón eolais a chur ar fáil lena aghaidh.
Sceideal Taispeántais Réabhlóid agus Athchuimhe 2016
Sceideal Taispeantais_O Stat Coilineach go Saorstat_2016
1916-2016 Ócáid Searmanas Stáit,Baile Átha an Rí. 28.03.16
Bhí Comóradh Céad Bliain Luan Cásca i mBaile Átha an Rí mar chuid d’imeachtaí comórtha fleascleagain a bhí ar siúl ag an am céanna i seacht suíomh i mBaile Átha Cliath, i gCill Dhéagláin, Contae na Mí, in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman agus i gCorcaigh mar chomóradh ar chéad bliain ó Éirí Amach 1916. Is sna suíomhanna sin a tharla gníomhaíocht shuntasach i rith an Éirí Amach.
Bhí naisc láidre ag Gaillimh le himeachtaí agus le ceannairí Éirí Amach 1916. Ba i gContae na Gaillimhe a tharla an slógadh ba mhó Seachtain na Casca 1916, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Tháinig os cionn 680 fear agus bean le chéile i nGaillimh ar son shaoirse na hÉireann.
Ba i nGaillimh a rugadh Éamonn Ceannt agus is ann freisin a thugadh Pádraig Mac Piarais aghaidh i rith an tsamhraidh. De bharr a ndearna Éamonn Ceannt, Pádraig Mac Piarais agus fir agus mná na Gaillimhe, faoi stiúir Liam Uí Mhaoilíosa, tá oidhreacht ionraic uasal ag Gaillimh in imeachtaí Sheachtain na Casca 1916, a bhí ina dtús dár Náisiún flaitheasach. Is ceart agus is cóir mar sin gur i mBaile Átha an Rí a tionóladh an imeacht, suíomh a bhí lárnach in imeachtaí Éirí Amach 1916 i nGaillimh.
Thug an comóradh Stáit agus an fleascleagan comhthrátha deis do mhuintir Chontae na Gaillimhe agus dóibh siúd níos faide i gcéin ceiliúradh a dhéanamh ar a dtraidisiúin chultúrtha agus onóir a Iéiriú don chrógacht, don ghradam agus do na hidéil a bhí ina ndlúthchuid d'imeachtaí 1916.
As an gCartlann, 1916: Réabhlóid & Athchuimhne
Mar chuid de chlár chomóradh chéad bliain 1916 Chontae na Gaillimhe, tá rogha beag ábhair as na bailiúcháin á chur i láthair ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bhaineann ar bhealaí éagsúla le heachtraí nó le daoine a raibh páirt acu in Éirí Amach na Cásca 1916.Níl sa mhéid atá le feiceáil sa taispeántas ach cuid an bheagáin de bhailiúchán iontach iléagsúil na Cartlainne.
As an gCartlann, 1916: Réabhlóid & Athchuimhne
Ó Stát Coilíneach go Saorstát, an méid a dúirt siad...
Tá taispeántas taistil dar teideal Ó Stát Coilíneach go Saorstát, an méid a dúirt siad… curtha le chéile ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Léirítear sa taispeántas, atá comhdhéanta beagnach go hiomlán de mhiontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na Comhairle Ceantair Tuaithe, dearcthaí agus gnáthaimh údaráis áitiúla chontae na Gaillimhe idir 1899 agus 1923, ag díriú ar an tréimhse ríthábhachtach i ndiaidh Éirí Amach 1916. Léiríonn ábhar agus ton na miontuairiscí an meon polaitiúil agus sóisialta a bhí ann ag an am. Táthar ag súil go mbeidh an léiriú seo ar an tréimhse chasta sin i stair na hÉireann eolasach agus ina áis chabhrach do na daoine sin ar spéis leo foghlaim faoi dhearcadh mhuintir Chontae na Gaillimhe ar imeachtaí mar a thit siad amach agus faoin bhfreagra ar thug siad orthu.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte