Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Riamh anall, ba í tithíocht údaráis áitiúil/tithíocht shóisialta an phríomhrogha dóibh siúd nach raibh sé d’acmhainn acu tithíocht a fháil óna n-acmhainní féin. Cé gur tugadh isteach roghanna tithíochta eile le blianta beaga anuas, fanann údaráis áitiúla mar na príomhsholathróirí do thithíocht shóisialta, a chuireann raon tithíochta ar cíos ar fáil chun riachtanais éagsúla lóistín a chomhlíonadh.
Tá a Chlár Tógála Tithe féin ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus is féidir sonraí faoi scéimeanna tithíochta atá beartaithe do na blianta atá le teacht a sheiceáil sa “Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn na Tithíochta”.
An bhfuil mise cáilithe?
Má tá teach de dhíth ort agus mura bhfuil tú in acmhainn é a fháil duit féin, féadfaidh tú tithíocht Údaráis Áitiúil a iarraidh.
Agus d’iarratas á mheas, cuirfidh an tÚdarás Áitiúil fachtóirí ar nós méid an líon tí, ioncam an líon tí, do lóistín i láthair na huaire (más ann), coinníoll an lóistín sin agus aon chúinsí ar leith cosúil le haois, míchumas, cúinsí leighis srl. san áireamh.
Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal teach Údaráis Áitiúil a fháil, labhair le d’Údarás Áitiúil.
Conas a dhéanaim irratas?
Is féidir leat foirm iarratais do thithíocht Údaráis Áitiúil a fháil trí:
- Í a íoslódáil ón roghchlár ar a bhfuil an t-ainm “Foirmeacha Tithíochta”
- Í a iarraidh go pearsanta nó tríd an bpost ón Roinn Tithíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
- Glaoch a chur ar an Roinn Tithíochta ar 091 509300
Ní féidir an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur ar aghaidh ar líne, mar go gcaithfidh sé a bheith seiceáilte agus stampáilte ag na gníomhaireachtaí éagsúla poiblí agus ní mór í a chur ar aghaidh i dteannta leis an doiciméadacht thacúil go léir is gá atá leagtha amach ar an leathanach dár teideal “Seicliosta”. Má tá aon chuid den doiciméadacht thacúil sin fós le comhlíonadh, nó mura bhfuil d’Fhoirm Iarratais comhlánaithe i gceart, measfar d’fhoirm iarratais a bheith neamhbhailí agus cuirfear ar ais chugat é. Is é an dáta a gheofar d’iarratas an dáta a chuirfear an t-eolas go léir agus is gá ar aghaidh. A luaithe is a gheofar iarratas comhlánaithe, déanfar measúnú ar a incháilitheacht. Má mheastar nach mbeidh an t-iarratasóir incháilithe, cuirfear an cinneadh seo in iúl i scríbhinn agus tabharfar cúis maidir leis sin.
Déanann Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta measúnú iomlán ar iarratais incháilithe, a thabharfaidh cuairt ar an iarratasóir chun fiosrú iomlán a dhéanamh ar chúinsí a n-iarratais. A luaithe is a dhéanfar an measúnú sin ar d’iarratas tithíochta, cuirfear ar an eolas tú i scríbhinn. Tá ceangal ort sinn a chur ar an eolas faoi aon athrú ar do chúinsí mar shampla, athrú seoladh, athrú ar mhéid an teaghlaigh, ioncam, srl., d’fhonn go mbeimis in ann do chomhad a choimeád cothrom le dáta.
Má ghlactar leat mar dhuine a bhfuil gá agat le tithíocht, cuirfear ar Liosta Feithimh Tithíochta na Comhairle tú, agus déanfar breithniú ar thithíocht sa cheantar is fearr leat, agus aird á thabhairt ar thosaíocht d’iarratais. Ba cheart duit cuimhneamh go bhféadfadh do thosaíocht ar an liosta tithíochta dul suas nó dul síos de réir mar a athraíonn do chúinsí, nó cúinsí iarratasóirí eile. Níl scéim bunaithe ar phointí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe lena dtithe a leithdháileadh ach leithdháiltear iad ar bhonn tosaíochta, agus aird a thabhairt ar ár bpolasaí mar atá leagtha síos sa Scéim Tosaíochtaí Ligean.
Má dhéantar tairiscint réasúnta d’iarratasóir maidir le tithíocht, agus ní ghlacfar leis ina dhiaidh, iarchuirfear breithniú breise don iarratasóir sin ar aon tairiscint maidir le tithe.
Scéim Leithroinnte
I gcás ina ndiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag, déanfar d'iarratas a chur ar fionraí go ceann dhá mhí dhéag.
Tá Oifigeach Idirchaidrimh Lucht Siúil & 3 Oibrí Sóisialta ar fostú ag an gComhairle agus tá siad ar fáil chun cabhrú le daoine den Lucht Siúil i ndáil lena gcuid riachtanas tithíochta.
Tionóntacht theach údaráis áitiúil
Íocann tionóntaí cíos ar áitribh de chuid na Comhairle atá ar cíos a ríomhtar bunaithe ar Scéim Cíosanna Difreálacha Tithíochta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an cíos bunaithe ar chumas an cíos a íoc, mar sin, má tá an t-ioncam íseal, beidh an cíos íseal agus má ardaítear an t-ioncam, tiocfaidh ardú ar an gcíos. Cuirfear ioncam aon bhaill eile den líon tí leis an ríomh cíosa agus d’fhéadfadh laghdú a bheith ann d’aon leanaí sa teaghlach.
Ag an Measúnú Bliantúil Cíosa, iarrtar ar gach tionónta sonraí maidir lena n-ioncam atá cothrom le dáta a chur isteach d’fhonn go ndéanfaí athmheasúnú ar a gcíos. Mura gcomhlíonfar an Measúnú, cuirfear an tionónta ar an uaschíos seachtainiúil. Má thagann athrú ar chúinsí nó déanamh an líon tí ag aon am le linn na bliana, ní mór don tionónta é sin a chur in iúl don Aonad Tithíochta d’fhonn go ndéanfaí aon athruithe is gá leis an gcíos. Má theipeann ar dhuine íocaíochtaí cíosa a choinneáil cothrom le dáta, d’fhéadfaí caingean dlí a thionscnamh agus i ndeireadh na dála, d’fhéadfaí an duine a chur amach as an áitreabh. Is féidir cíos a íoc trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:
- trí Bhuanordú
- trí Dhochar Díreach
- trí Réamhchuntas Teaghlaigh
- chuig an mBailitheoir Ioncaim
- ag an Rannóg Ioncaim ag Ceanncheathrú Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Is idir an Chomhairle agus an Tionónta atá an fhreagracht cothabháil a dhéanamh ar áitribh de chuid na Comhairle atá ar cíos. Tríd is tríd, tá freagracht ar an gComhairle as struchtúr an tí a chothabháil, agus is ar an tionónta atá an fhreagracht as gach suiteach, feisteas agus ábhar inmheánach. Sula ndéantar ceisteanna cothabhála a thuairisciú, moltar don tionónta an liosta iomlán faoi mhiondealú na bhfreagrachtaí cothabhála a léamh i Leabhrán na dTionóntaí. Rangaítear ceisteanna cothabhála a chuirtear chuig an gComhairle mar chásanna práinne nó gnáthchásanna agus tugtar tosaíocht do ghníomh ar an mbonn sin.
I gcás go raibh tionónta in áitreabh ar cíos ar feadh ar a laghad 2 bhliain, agus faoi réir coinníollacha incháilitheachta eile a shásamh, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh aistriú óna n-áitreabh láithreach. Tá critéir dhiana leagtha síos sa Scéim Tosaíochtaí Ligin maidir le hincháilitheacht aistrithe – tríd is tríd, ní bheidh tionónta incháilithe ach amháin má dhéantar an t-iarratas de bharr róphlódú, laghdú méide, nó ar fhorais leighis/atruacha. Ní mór coinníollacha eile a chomhlíonadh, cosúil le cuntas glan cíosa agus taifead maith tionóntachta a bheith ag an tionónta. Féadfaidh an tionónta iarratas a dhéanamh trí fhoirm iarratais a iarraidh ón Aonad Tithíochta, ar a ndéanfaidh an t-Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta agus an t-Oifigeach Tithíochta measúnú air, agus cuirfear cinneadh in iúl i scríbhinn.
Tithe Comhairle a Chothabháil
Más tionónta tú i dteach údaráis áitiúil tá sé de dhualgas ort gnéithe áirithe den teach a chothabháil (e.g. painéil fuinneoige briste). Is í an Chomhairle atá freagrach as deisiú roinnt eilimintí, is féidir leat deisiúchán den sórt sin a iarraidh trí úsáid a bhaint as ár bhfoirm Deisiúcháin Iarraidh.
Do theach comhairle a cheannach
Sea. Má tá tú i do thionónta ar theach údaráis áitiúil ar feadh ar a laghad bliain amháin, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil chun é a cheannach ar phraghas lascainithe. Má tá tú á cheannach ina iomlán é agus ní féidir leat iasacht a fháil ó Bhanc nó ó Chumann Foirgníochta, d’fhéadfá cáiliú le haghaidh iasacht Údaráis Áitiúil.
Straiteis um Iompar Frith-Shoisialta 2015-2017 (bearla)
Bainistíocht tí agus eastáit
Tá 1,800 áitreabh faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fud cheantair éagsúla an chontae. D’fhéadfadh na tithe sin a bheith suite in eastáit ar mhéideanna éagsúla i mbailte agus i sráidbhailte, nó d’fhéadfadh tithe aonair i gceantar tuaithe a bheith ann. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil an dualgas cúraim uirthi áitíocht shíochánta a chur chun cinn inár n-áitribh go léir. Maidir leis sin, déanann an Chomhairle iarracht a ról mar Thiarna Talún a bhaint amach trína chinntiú go seasann tionóntaí leis an gComhaontú Tionóntachta a shíníonn siad agus trína chumhachtaí reachtúla a fheidhmiú chun dul i ngleic le haon chásanna d’Iompar Frithshóisialta.
Is é atá i gceist le Bainistíocht Eastáit go príomha ná eastáit údaráis áitiúil a dhéanamh níos fearr le maireachtáil iontu. Fostaíonn an Chomhairle 3 Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta (HLOanna) a dhéileálann lena gceantar áirithe féin den chontae, agus déanann siad raon seirbhísí;
- Comhairle do Thionóntaí ar na sonraí go léir faoin a dtionóntacht agus a mbainistíocht tí
- Forbairt ar Chumainn Áititheoirí
- Cabhrú le fadhbanna a d’fheadfadh tarlú in eastáit
- Gearáin faoi iompar frithshóisialta a fhiosrú
Spreagann agus éascaíonn an Chomhairle Cumainn Áititheoirí a chruthú, agus i gcás go dtuairiscítear fadhbanna in eastáit tríd an gCumann Áititheoirí nó ar shlí eile, úsáidfidh an Chomhairle gach bealach reachtúil atá ar fáil, agus cur chuige ilghníomhaireachta leis an Garda Síochána agus HSE, chun dul i ngleic le samplaí d’iompar frithshóisialta. Is féidir le haon duine nó grúpa gearáin maidir le hiompar thionóntaí na Comhairle a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil gearán, ar féidir í a fháil trí ghlaoch a chur ar an Aonad Tithíochta ar 091 509300. Caithfear faoi rún le heachtraí a tuairiscítear agus déanfar iad a fhiosrú ar shlí chóir, neamhchlaonta agus oibiachtúil.
Tá sainchumhachtaí ag Údaráis Áitiúla agus Cumainn Áititheoirí in Éirinn aon duine a bhfuil baint acu le hiompar frithshóisialta a chur amach as áitreabh, i.e. bainteach le mangaireacht drugaí nó le aon iompar a d’fhéadfadh daoine a ghortú nó iad a chur i gcontúirt, díobháil a dhéanamh dóibh nó eagla a chur orthu. D’fhéadfadh foréigean, bagairtí, imeaglú nó ciapadh a bheith i gceist leis seo. Is féidir leis an gComhairle diúltú áitreabh a ligean ar cíos nó é a dhíol faoin scéim ceannaigh tionóntaí de bharr iompar frithshóisialta. D’fhéadfadh Boird Sláinte forlíonadh cíosa d’áitreabh príobháideach ar cíos a dhiúltú nó a tharraingt siar i gcás go raibh an duine i gceist caite amach as tithíocht údaráis áitiúil, nó eisiata nó go raibh sé/sí bainte uaidh de bharr iompar frithshóisialta.
Lóistín don lucht siúil
Soláthraíonn an Chomhairle gnáthlóistín agus sainlóistín don lucht siúil agus déanann siad bainistiú orthu. Tá clár cúig bliana chun lóistín a sholáthar don lucht siúil ar bun ina leagtar amach spriocanna chun cineálacha éagsúla lóistín a sholáthar cosúil leis na cinn seo a leanas:
- Gnáthlóistín i dtithe údaráis áitiúil
- Tithíocht Grúpa a ligean do lóistín a chur ar fáil do roinnt Teaghlach den Lucht Siúil ag aon suíomh amháin in eastáit bheaga.
- Láithreán Stad a ndéantar seirbhís orthu – inar féidir carbháin/tithe soghluaiste daoine den lucht siúil a chur i gclós a bhfuil aonaid seirbhísithe ann.
Fostaíonn an Chomhairle 3 Oibrithe Sóisialta, atá ar fáil chun cabhrú le daoine den Lucht Siúil maidir lena riachtanais tithíochta.
Easpa dídine
Maidir le daoine nach bhfuil lóistín ar fáil dóibh agus daoine a bhfuil cónaí orthu i mbrúnna oíche srl. de bharr nach bhfuil aon lóistín eile acu agus sin amháin, d’fhéadfadh an Chomhairle féachaint orthu mar dhaoine gan dídean i gcás nach bhfuil siad in ann lóistín a chur ar fáil óna n-acmhainní féin. D’fhéadfadh an Chomhairle aon cheann de na cineálacha lóistín seo a chur ar fáil, ag brath cibé an bhfuil gá agat le lóistín práinneach nó idirtréimhseach go fadtéarmach nó go gearrthéarmach:
- Lóistín cosúil le brú a chuireann gníomhaireachtaí/comhlachtaí deonacha ar fáil
- Lóistín práinneach Leaba is Bricfeasta san earnáil phríobháideach
- Sainlóistín d’íobartaigh foréigin teaghlaigh
- Lóistín gearrthéarmach a sholáthar go dtí go bhfaighfear lóistín príobháideach ar cíos, le cabhair ón Liúntas Leasa Forlíontach
- Lóistín fadtéarmach sa Scéim um Lóistín ar Cíos, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas
- Lóistín fadtéarmach i dtithíocht údaráis áitiúil, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas
Ba cheart do dhaoine gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean, glaoch a chur ar an Aonad Tithíochta ar 091-509300, nó glaoch a chur ar an gComhairle, le measúnú a dhéanamh ar an modh is fearr le cabhair a fháil maidir lena gcás áirithe.
D’fhéadfadh na teagmhálacha seo a leanas a bheith úsáideach do dhaoine a bhfuil lóistín uathu:
Cope – www.copegalway.ie
Is Carthanacht Ghaillmheach í Cope a chuireann 3 earnáil de sheirbhísí sóisialta ar fáil i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Áirítear orthu sin:
- Lóistín práinneach agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine gan dídean
- Seirbhísí tearmainn agus for-rochtana do mhná agus do leanaí a mbíonn foréigean teaghlaigh ag dul dóibh
- Seirbhísí Tacaíochta do Sheanóirí, ar a n-áirítear Lónadóireacht Pobail agus ionad lae do dhaoine scothaosta
Threshold – www.threshold.ie
Is eagraíocht neamh bhrabúis é Threshold a bhfuil sé mar aidhm acu ceart tithíochta a fháil, go háirithe do líonta tí a mbíonn fadhbanna bochtanais agus eisiata acu. Tráthnónta Dé Céadaoin, cuirtear seirbhís um Lóistín a Lorg ar fáil dóibh siúd atá ag lorg lóistín príobháideach ar cíos. Is féidir coinne a dhéanamh don tseirbhís seo trí ghlaoch a chur ar 091 563080 nó trí bhualadh isteach go dtí an oifig ag Teach Augustine.
Cuan Mhuire – www.cuanmhuire.ie
Ritheann Cuan Mhuire ionad ag Coolarne, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Cuireann an t-ionad clár cuimsitheach, struchtúrtha, cónaithe atá bunaithe ar staonadh ar fáil do dhaoine a bhíonn tugtha don ól agus do cheimiceáin eile agus don chearrbhachas chomh maith.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte