Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Maidir linne agus an fáth a dteastaíonn do chuid sonraí uainn.
Féachann Comhairle Chontae na Gaillimhe le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn agus sa chaoi sin le cur go suntasach le caighdeán beatha mhuintir na Gaillimhe a fheabhsú.
Fanann seachadadh seirbhísí ar ard-chaighdeán ar cheann de chroí-spriocanna Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá sé san áireamh sa Phlean Corparáideach. Cuimsíonn an tseirbhís ar ard-chaighdeán seo ní hamháin leibhéal agus caighdeán na seirbhíse a thugtar do chustaiméirí, ach ina theannta sin caighdeán na bpróiseas cinnteoireachta, éifeacht agus críochnúlacht na n-oibreacha corparáideacha, caighdeán ár gcuid saoráidí agus an cumas atá ionainn oiriúnú i dtimpeallacht atá ag athrú go síoraí.
Ar mhaithe leis an réimse seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais shaoránach, phobal agus ghnólachtaí Chontae na Gaillimhe beidh orainn cineálacha eolais faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á cur ar fáil, d’fhéadfadh sé go gcuimseodh an t-eolas atá ag teastáil ‘sonraí pearsanta’ mar a shainmhínítear sna hAchtanna Cosanta Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé le húsáideoirí seirbhíse an lae inniu, san am atá caite agus san am atá le teacht; le fostaithe san am atá caite, sa lá inniu agus le fostaithe féideartha; le soláthraithe; agus le baill den phobal a d’fhéadfadh a bheith i gcumarsáid le foireann na Comhairle. Ina theannta sin d’fhéadfadh sé go mbeadh ar bhaill na foirne, ó am go ham, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun teacht le riachtanais rialála nó reachtaíochta. Tá tú féin freagrach as an gComhairle seo a chur ar an eolas má bhíonn aon athrú ar do dhálaí nó ar do shonraí pearsanta.
An fáth a bhfuil Ráiteas Príobháideachta againn.
Tá an ráiteas príobháideachta seo cruthaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar mhaithe lenár dtiomantas láidir do phríobháideacht a léiriú agus le deimhniú a thabhairt duit go gcinnteoimid slándáil na sonraí a chuireann tú ar fáil dúinn i ngach déileáil atá agat le Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe líon suntasach sonraí pearsanta a chruthú, a bhailiú agus a phróiseáil i bhformáidí iomadúla éagsúla ar bhonn laethúil. Is gealltanas de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe duit go mbeadh na sonraí pearsanta nár mhór duit a chur ar fáil dúinn a bheith;
- Faighte ar bhealach atá dleathach, cothrom agus follasach
- Faighte chun críche cuspóirí sonraithe, soiléire agus dleathacha amháin
- Imleoir, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá don chuspóir a bhfuarthas é
- Taifeadta agus taiscithe go cruinn agus go slán agus nuair is gá, coinnithe cothrom le dáta.
- Coinnithe chomh fada agus is gá don chuspóir a bhfuarthas é agus sin amháin.
- Coinnithe i bhfoirm a cheadaíonn aitheantas an duine is ábhar do na sonraí.
- Próiseáilte ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, agus sin amháin, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.
Polasaí Cosanta Sonraí
Tá Polasaí Cosanta Sonraí mionsonraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ina dtugtar tuilleadh mionsonraí maidir lenár ngealltanas, mar chomhlacht poiblí, do shlándáil aon sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil dúinn a chinntiú. Is féidir teacht ar an bpolasaí seo ar ár suíomh gréasáin ag:
Polasaí Cosanta Sonraí
Cad iad na sonraí pearsanta atá ag teastáil uainn?
Is féidir na cineálacha sonraí pearsanta a d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort a sholáthar a chatagóiriú mar seo a leanas,
- Sonraí teagmhála chun cumarsáid éifeachtach a éascú
- Sonraí faoi do chúinsí pearsanta nach mór duit a chur ar fáil faoin dlí mar chuid de d’iarratas ar sheirbhís arna gcur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
- Do chuid sonraí airgeadais féin nach mór duit a chur ar fáil faoin dlí mar chuid de d’iarratas ar sheirbhís arna gcur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg, is féidir go mbeidh ar gach iarratasóir ar Sheirbhísí Tithíochta eolas a sholáthar ar na catagóirí sonraí seo a leanas (nuair a bhaineann siad le hábhar); i leith gach ball den teaghlach-
- Sonraí Pearsanta i.e. Ainm, Seoladh, Seoladh roimhe seo agus nádúr na tionachta, Dáta Breithe, PPSN, Uimhir Theileafóin, Uimhir Aitheantais/Thagartha, Seoladh Ríomhphoist
- Sonraí Náisiúntachta agus cruthúnas.
- Sonraí Pósta
- Sonraí Fostaíochta
- Sonraí agus Cruthúnas faoi gach teacht isteach teaghlaigh.
- Ballraíocht an Teaghlaigh
- Sonraí Míochaine
- Sonraí Míchumais má bhaineann
- Bunús an Iarratais
- Sonraí Cóiríochta Reatha
- Sonraí Staire Cóiríochta
- Eolas faoi Shealúchas/Talamh, eile
- Coir Oird Phoiblí agus Eolas Eile
- Riachtanas Tithíochta
- Rogha Ceantar
- Eolas Eile
- Sonraí Chuntas Bainc, Chumann Foirgníochta, Chomhar Creidmheasa, Oifig an Phoist.
- Sonraí Ioncaim.
Sonraí a Roinnt
Is féidir leis an gComhairle do chuid sonraí a roinnt go hinmheánach (laistigh den Chomhairle) de réir oibleagáidí reachtúla. Ina theannta sin is féidir leis an gComhairle do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe de réir oibleagáidí reachtúla agus rialála.
Is féidir le foireann na Rannóige Tithíochta do chuid sonraí a roinnt leis na comhlachtaí seo a leanas chun cuidiú le soláthar na seirbhísí atá iarrtha agus iad a chumasú:
- Údarás Tithíochta Eile
- Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe
- Comhlachtaí Reachtúla agus Deonacha
- An Biúró um Shócmhainní Coiriúla
- An Garda Síochána
- Dochtúirí Teaghlaigh/Comhairleoirí
- Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte [HSE]
- An Roinn Coimirce Sóisialta
- An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
- An Roinn Dlí agus Cirt
(Cinnteoidh an Chomhairle go bhfuil comhaontú próiseála sonraí/roinnte sonraí curtha i bhfeidhm leis na heagraíochtaí seo)
Sonraí Teagmhála
Ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh leat iarrfaidh an Chomhairle ort sonraí teagmhála a chur ar fáil a chuimseoidh ar a laghad bealach amháin le teagmháil a dhéanamh leat i scríbhinn. Ní gá do chuid sonraí teagmhála ar fad a chur ar fáil ach dá mhéid díobh a chuireann tú ar fáil, mar ríomhphost, fón, seoladh, is ea is éasca dul i gcumarsáid leat.
Sonraí Cúinsí Pearsanta
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil iarrfar ort méid éagsúla sonraí pearsanta atá bainteach leat féin agus le do theaghlach a chur ar fáil mar thacaíocht i leith d’iarratais. Leagfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe amach na sonraí atá ag teastáil uainn i sraith foirmeacha éagsúla iarratais ar leith a bhaineann le gach seirbhís.
Sonraí Airgeadais
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil is féidir go n-iarrfaí ort méid éagsúla sonraí pearsanta airgeadais atá bainteach leat féin agus le do theaghlach a thabhairt mar thacaíocht i leith d’iarratais. Leagfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe amach na sonraí atá ag teastáil uainn i sraith foirmeacha éagsúla iarratais ar leith a bhaineann le gach seirbhís. Mar a bhaineann leis na sonraí pearsanta eile atá sonraithe thuas socróidh an tseirbhís/rannóg áirithe de Chomhairle Contae na Gaillimhe an gá atá le sonraí airgeadais mar chuid dá fógra sonrach príobháideachta.
Coinneáil Sonraí
Ní choinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe do chuid sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá. Tabharfaidh an rannóg ar leith laistigh den Aonad Tithíochta ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta coinnithe breis eolais duit faoin bhfad a bheidh do chuid sonraí á gcoinneáil
Do Chearta Cosanta Sonraí
Tá sé de cheart agat a iarraidh chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á gcoinneáil fút, deimhniú a fháil ar cibé atá nó nach bhfuil sonraithe á gcoinneáil fút, eolas a fháil maidir le hábhar agus foinse sonraí agus an cruinneas a sheiceáil. Ina theannta sin má thaispeántar go bhfuil sonraí atá coinnithe againn míchruinn tá sé de cheart agat na sonraí pearsanta atá coinnithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a athrú, a bhaint amach, a chosc, nó cur in aghaidh a n-úsáide. I gcúinsí áirithe d’fhéadfadh cosc a chur ar rochtain ar shonraí moill nó stop a chur le rochtain ar sheirbhís, má bhíonn na sonraí ag teastáil de réir dlí nó ar chúiseanna riachtanacha a bhaineann le seachadadh na seirbhíse chugat. Tabhair ar aird, le do thoil, ar mhaithe le do chuid príobháideachta a chosaint, go nglacaimid céimeanna le d’aitheantas a fhíorú sula dtabharfaimid rochtain duit ar do chuid sonraí pearsanta. Chun na cearta seo a chleachtadh ba cheart duit na céimeanna seo a leanas a thógáil:
Déan iarratas agus tabhair mionsonraí ar a bhfuil á lorg agat chuig:-
An tOifigeach Cosanta Sonraí,
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh H91H6KX
Ríomhphost:- dpo@galwaycoco.ie
Teileafón: 091 509290
Cearta Gearáin chuig Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Mura bhfuil tú sásta le toradh na freagartha a fuair tú ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le d’iarraidh tá sé de chead agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a d’fhéadfadh an cás a fhiosrú duit.
Is é www.dataprotection.ie suíomh gréasáin atá ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ag:
Uimhir Lo Call: 1890 252 231
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Seoladh Poist: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Co. Laoise. R32 AP23.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte