Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Is é atá sa Scéim Cóiríochta ar Cíos (RAS) ná scéim náisiúnta do dhaoine a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil acu le 18 mí nó níos mó agus a bhfuil gá acu le tithíocht fadtéarma. Is rogha eile í mar mhalairt ar mhaoin ar leis an gComhairle í a sholáthar, nó ar mhaoin ar Léas Fadtéarma a sholáthar, chun déileáil leis an riachtanas tithíochta.
Déanann an Chomhairle socrú conartha 3 shlí le tiarna talún agus le tionónta chun a áirithiú go mbeidh cóiríocht phríobháideach ar cíos ar fáil don RAS sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an cíos i leith na maoine a íoc go díreach leis an úinéir. Ní thugann an tionónta aon ranníocaíocht chíosa don úinéir/tiarna talún ach, ina ionad sin, íocann sé/sí ranníocaíocht chíosa go díreach leis an gComhairle agus déantar ranníocaíocht an tionónta a ríomh faoi Scéim Cíosa Dhifreálaigh na Comhairle i gcomhair tionóntachtaí Comhairle.
Iarratasóirí/Tionóntaí
- Ní mór forlíonadh cíosa a bheith á fháil ag an iarratasóir le 18 mí ar a laghad faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.
- Ní mór don iarratasóir gá a bheith aige/aici le tithíocht fadtéarma, de réir mar atá measúnaithe ag an údarás tithíochta.
- Ní mór don iarratasóir ceart a bheith aige/aici ar bhuanchónaí sa Stát.
- Íocann na tionóntaí cíos difreálach seachtainiúil le Comhairle Chontae na Gaillimhe
- Íocann an Chomhairle an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta.
- Tá an Tiarna Talún freagrach as cothabháil agus as deisiú trealaimh.
- Má bhíonn aon díospóidí tionóntachta ann, is ceart teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Príobháideacha ar Cíos (PRTB) nó glaoch ar Uimh. Theil. 0818 30 30 37.
- Tá méid an chíosa a íocann an tionónta bunaithe ar an ioncam dá t(h)eaghlach. Déantar méid an chíosa a ríomh trí leas a bhaint as scéim cíosanna difreálacha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an cíos bunaithe ar do chumas chun an cíos a íoc. Déanfar ioncam aon duine eile de do theaghlach a chur le ríomhaireacht an chíosa agus d'fhéadfadh asbhaintí a bheith i gceist i leith aon leanaí atá ann sa teaghlach. Oibríonn gach Údarás Áitiúil ar leith a scéim cíosa féin. Ní mór duit fógra a thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe má thagann athrú ar d'ioncam féin nó ar ioncam aon duine de do theaghlach.
- Meastar tairiscint tithíochta a bheith ina tairiscint réasúnach má tá an chóiríocht atá beartaithe oiriúnach i gcomhair riachtanais tithíochta an iarratasóra agus má tá sí suite sa cheantar a shonraigh an t-iarratasóir. Má thairgtear cóiríocht duit faoi scéim RAS, is féidir leat diúltú di. Má dhiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta sóisialta laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag, déanfar d’iarratas ar thithíocht a chur ar fionraí go ceann tréimhse 12 mhí. Tabharfar fógra don Oifigeach Leasa Pobail agus féadfaidh sé/sí d’fhorlíonadh cíosa a chur ar fionraí. Ní bheidh tú i dteideal aon tairiscintí tithíochta eile a fháil go ceann tréimhse aon bhliain amháin ar a laghad.
- Níl aon socrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le haistriú a dhéanamh idir Ceantair Údaráis Áitiúla. Ach más gá duit bogadh chun na Gaillimhe, ní mór duit foirm iarratais tithíochta a thíolacadh lena measúnú, mar aon leis na doiciméid tacaíochta ar fad ina léirítear an bonn leis an ngá le tithíocht sa Chontae.
- Déantar an conradh a rialú de réir an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.
Tiarnaí Talún
Faoin scéim seo, déanann Údaráis Áitiúla comhaontú le tiarnaí talún chun tithíocht a sholáthar do dhaoine ag a bhfuil gá le tithíocht fadtéarma. Íocann an tÚdarás Áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún. Íocann na tionóntaí a gcíos leis an Údarás Áitiúil. Déanfar an cíos a íoc ag tús gach míosa, nó roimhe sin, agus íocfar é go díreach isteach i do chuntas bainc, rud a ráthóidh d’ioncam cíosa.
Déantar an conradh a rialú de réir an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.
Beidh socrú ‘tionóntacht go tionóntacht’ i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais tionónta i.e. nuair a imíonn an tionónta tagann deireadh leis an gconradh. Tá sé sin i bhfeidhm ar feadh ré na tionóntachta áirithe lena mbaineann agus scoireann sé má imíonn an tionónta amach as an gcóiríocht.
Le linn ré an chonartha, coimeádann an tiarna talún freagracht as nithe amhail an méid seo a leanas:
- Árachas
- Gnáthchothabháil/Gnáthdheisiú agus Athsholáthar Trealaimh
- Déileáil le sáruithe ar oibleagáidí an tionónta
- Muirir i ndáil le seirbhísí cuideachta bainistíochta (más ann) agus aon mhuirir eile, amhail NPPR, an Muirear Teaghlaigh agus Cáin Mhaoine Áitiúil, a íoc
- Más mian leis an tiarna talún an tionóntacht a fhoirceannadh, ní mór sin a dhéanamh de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004. Ní mór fógra cuí a thabhairt ina leith sin.
- Má bhíonn aon díospóidí tionóntachta ann, is ceart teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Príobháideacha ar Cíos (PRTB).
- Ní mór do thiarnaí Talún a bheith comhlíontach ó thaobh cúrsaí cánach de agus ní mór dóibh Deimhniú Imréitigh Cánach a sholáthar
- I gcás tiarnaí talún neamhchónaitheacha, ní mór dóibh TC a sholáthar ach, ina theannta sin, dlitear asbhaint chánach 20% díobh in aghaidh na míosa. Féadfaidh an Tiarna Talún creidmheasanna cánach a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncaim i leith na hasbhainte sin.
- Deimhniú Imréitigh Cánach
- Daingniú maidir le híocaíocht cothrom le dáta maidir le NPPR, maidir leis an Muirear Teaghlaigh agus maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil
- Ní mór do thiarnaí talún Deimhniú Rátála Fuinnimh Foirgnimh (BER) a sholáthar
- Ní mór do thiarnaí talún tionóntachtaí a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB)
- Déantar tionóntachtaí a rialú de réir an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004
- Ní mór maoin atá le ligean ar cíos caighdeáin íosta a chomhlíonadh de réir mar atá leagtha síos i Rialacháin na dTithe (Caighdeáin le haghaidh Tithe ar Cíos) 2008. Tháinig sraith eile rialachán, is é sin, Rialacháin na dTithe (Caighdeáin le haghaidh Tithe ar Cíos)(Leasú) 2009 i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2009.
Leis an reachtaíocht seo, sonraítear ceanglais i ndáil le raon ábhar a bhaineann le cóiríocht ar cíos, amhail riocht struchtúrach, saoráidí sláintíochta, téamh, aerúchán, soilsiú agus sábháilteacht an tsoláthair gáis agus leictreachais. Tabhair cuairt ar www.environ.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear bileog mhíniúcháin do thiarnaí talún
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte