Ceannairc Bheag Bídeach
- Naisc ábhartha eile
- Oíche Chultúir
- Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna
- An Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí
- Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna Gaeltachta
- Ceannairc Bheag Bídeach
Is tionscnamh ceannródaíoch de chuid Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe é Ceannairc Bheag Bídeach a thugann deis do dhéagóirí tacaíocht a fháil ó mheantóir gairmiúil chomh maith le buiséad léirithe chun cabhrú leo a gcuid smaointe ealaíonta a bhaint amach. Is féidir le déagóirí smaoineamh a chur isteach a dhíríonn ar chleachtais chruthaitheacha amhail drámaíocht, amharc-ealaín, damhsa, scannánaíocht, sorcas, scríbhneoireacht, meáin dhigiteacha, graifítí, ceol etc.
Tabharfar meantóir gairmiúil ar ealaíontóir é/í féin, buiséad agus tacaíocht phraiticiúil ó Sparkcatchers do na healaíontóirí óga a roghnófar! ó mhí Meithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024. Ag an deireadh cuirfear seóthaispeántas ar siúl ag imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga i mí Dheireadh Fómhair.
Is Sparkcatchers! iad Jojo Hynes agus Midie Corcoran; ealaíontóirí, léiritheoirí, déantóirí féilte agus daoine ar mhaith leo cur isteach ar an ngnáthrud iad a oibríonn le daoine óga chun ealaín den scoth a chruthú. Leanann an glaoch amach seo tionscadal darb ainm Ceannairc Bheag Bídeach agus thug Broei, tionscadal san Ísiltír, inspioráid dó.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná meánoíche ar an 14 Meitheamh. Beidh ceardlanna ‘Smaointe agus Eolas’ ar siúl i dTuaim, an Gort, Béal Átha na Sluaighe agus Uachtar Ard do dhéagóirí idir 13-17 mbliana d'aois a bhfuil spéis acu ann.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ceannairc Bheag Bídeach 2024 más fíor na nithe seo a leanas:
- Tá tú idir 13 agus 17 mbliana d'aois.
- Is ealaíontóir óg thú agus tá smaoineamh le haghaidh tionscadail chruthaithigh agat ar mhaith leat a bhaint amach. Nó, tá tú mar chuid de ghrúpa déagóirí a bhfuil smaoineamh acu tionscadal cruthaitheach is mian leo a bhaint amach le chéile.
- Tá tacaíocht á lorg agat chun do chuid aislingí cruthaitheacha a bhaint amach.
- Tá smaoineamh agat a dhíríonn ar chleachtais chruthaitheacha amhail drámaíocht, amharc-ealaín, damhsa, scannánaíocht, sorcas, scríbhneoireacht, meáin dhigiteacha, graifítí, ceol etc
- Tá meantóir ealaíon, comhairle léirithe agus buiséad uait chun do smaoineamh a bhaint amach.
- Ba mhaith leat go bhfeicfidh lucht féachana do smaoineamh ag seótaispeántas deiridh mar chuid d'imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga.
- Tá tú i do chónaí i gContae na Gaillimhe nó tá do ghrúpa lonnaithe i gContae na Gaillimhe. Ní féidir le hiarratasóirí atá ina gcónaí nó atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe iarratas a chur isteach.
Cad a gheobhaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh lena gcuid smaointe?
- Beidh daoine óga i gceannas ar an bpróiseas cruthaitheach. Gheobhaidh tú spreagadh, treoir agus tacaíocht léirithe chun cur le do smaoineamh tosaigh.
- Meantóireacht ó ealaíontóir gairmiúil chun cabhrú leat an tionscadal a bhaint amach.
- Tacaíocht airgeadais a chabhróidh leat le hábhair, taisteal, trealamh agus le do smaoineamh a fhíorú.
- Le linn An Ceannairc Bheag Bídeach, tabharfaidh Jojo agus Midir, Léiritheoirí Cruthaitheacha An Ceannairc Bheag Bídeach, comhairle phraiticiúil agus tacaíocht bhuiséid duit.
- Cuirfear do smaoineamh san áireamh i seóthaispeántas a bheidh ar siúl ag imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga i mí Dheireadh Fómhair.
Conas a ghlacaim páirt?
Más mian leat freastal ar cheardlann nó foirm iarratais a fháil, seol ríomhphost chuig Jojo agus Midie: sparkcatchers.info@gmail.com.
Ceardlanna ‘Smaointe agus Eolas’
Tuaim: Halla Baile Thuama, An Chearnóg H54 XD61 Dé Sathairn an 11 Bealtaine 2:30 4:30p.m
An Gort: Seirbhís Foróige an Ghoirt don Aos Óg, Sráid Sheoirse, H91 DD43 Dé Domhnaigh an 12 Bealtaine 2:30-4:30p.m
Béal Átha na Sluaighe: Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, Sráid an Chumainn, H53 T320 Dé Sathairn an 25 Bealtaine 2:30-4:30p.m
Uachtar Ard: An Phríomhshráid, an Fhuathach Thiar, H91 CC96 Dé Domhnaigh an 26 Bealtaine 2:30-4:30p.m
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte