An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Tá áthas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe Beart Feabhsaithe Sráid-dreacha a fhógairt do Lár Bhaile an Ghoirt. Maoineoidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) an ghníomhaíocht faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Is gníomhaíocht de chuid Lár Bhaile an Ghoirt ar dTús é an tionscadal agus cuireann Foireann Bhaile an Ghoirt chun cinn é.
Fócas an Bhirt
Tá an Beart seo dírithe ar thacú le aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide i gceantair shainithe laistigh de lárionaid roghnaithe bailte/sráidbhailte tuaithe a uasghrádú agus a fheabhsú. Tá an limistéar sainithe nó an láthair cháilitheach don Bheart seo léirithe ar an léarscáil de Lár Bhaile an Ghoirt a ghabhann leis seo. Is iad na limistéir atá san áireamh sa Scéim seo ná réadmhaoin atá os comhair Chearnóg an Mhargaidh, Sráid Crowe, Sráid an Droichid, Sráid Sheoirse (cuid di), Sráid na Beairice agus Sráid an Teampaill.
Is gné an-tábhachtach den sráid-dreach iad aghaidheanna siopaí. Mar sin, ba chóir go mbeadh aghaidheanna siopaí ar ardchaighdeán dearaidh agus go léireoidís ailtireacht an bhunfhoirgnimh agus an cheantair máguaird.
Tá sé mar pholasaí ag an gComhairle aghaidheanna traidisiúnta siopaí a chuireann le carachtar ár mBailte agus ár Sráidbhailte a chaomhnú agus a choinneáil. Ceisteofar go géar an gá atá le sean-aghaidheanna siopaí a athrú, bíodh siad cosanta nó ná bíodh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú seachas d’athsholáthar. Tá iniúchadh agus cothabháil rialta riachtanach chun lochtanna agus meath tromchúiseach a sheachaint. Féachann Comhairle Chontae na Gaillimhe le nuálaíocht mhiondíola, cruthaitheacht, beogacht a spreagadh agus aithníonn sí an ról is féidir a bheith ag aghaidheanna siopaí, comharthaí agus fógraíocht ar charachtar sráide.
Incháilitheacht agus Treoirlínte don Scéim
Lár Bhaile an Ghoirt – Scéim Feabhsúcháin Sráid-Dreacha
Foirm Iarratais
Tá an chéad bhabhta iarratas dúnta anois.
Cur i bhFeidhm na Scéime
Gort Streetscape - Spring Re-Launch - March 6th 2025
Tuilleadh Eolais tandv@galwaycoco.ie nó Teil: 091 509396/509334
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte