Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 isteach sa dlí Dé Céadaoin an 11 Márta 2015. Beidh tosach feidhme an Achta ar an 1 Meán Fómhair 2015.
Is é is cuspóir leis an Acht seo foráil a dhéanamh i leith Clár Brústocaireachta bunaithe ar an ngréasán chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leo siúd a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha a aithint.
Tá gach eolas maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil le fáil ach dul chuig www.lobbying.ie.
Oifigigh Phoibli ainmnithe Comhaltai Tofa 2024-2029
Oifigigh Phoibli Ainmnithe - Foireann Feidhmiúcháin Bealtaine 2025
An Cód Trédhearcachta
Ceanglaítear le halt 5(7) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go ndéanfaidh an tAire cód a ullmhú agus a fhoilsiú ar a dtabharfar “an Cód Trédhearcachta”, ina leagfar amach conas a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí ábhartha áirithe, amhail grúpaí comhairleacha aireachta, a gcuid gníomhaíochtaí a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach. Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta sin, thiocfadh cumarsáidí leis na comhlachtaí sin faoin eisceacht ón gceanglas a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú.
Dá réir sin, rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Trédhearcachta a ullmhú. Tá cód den Chód ar fáil anseo. Chód Trédhearcachta
Tá ullmhú na scéime CBS do 2024-2029 déanta. Ag an gCruinniú Cinn Bhliana a tionóladh ar an 21/06/24, toghadh na Comhairleoirí seo a leanas mar chathaoirligh ainmnithe ar na CBS. Comh Seamus Walsh, Comh Donagh Killilea, Comh James Charity, Comh. Michael 'Moegie' Maher, Comh Martina Kinane, Comh Ivan Canning ar on 24 Feabhra 2025, and Comh. Padraig Mac An Iomaire. Scéim CBS 2024-2029 anseo Baill Choistí Polasaí Straitéiseach
Ár gCoistí
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe Ballraíocht Choiste Chomhairle Chontae Na Gaillimhe
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Comhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe (CCP)
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (CFPA)
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Choiste Comhairleach Áitiúil um Chóiríocht don Lucht Siúil (CCACLS)
Chontae na Gaillimhe
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte