N67 Ó Dheas De Rotharbhealach Bhaile An Doirín
- Naisc ábhartha eile
- N67 Ó Dheas De Rotharbhealach Bhaile An Doirín
- N59 Bhaile an Cheantaigh
- Chuarbhóthar Bhaile Átha an Rí ó Thuaidh
- N63 Lios an Choirthe go dtí an Mhainistir
- Ailíniú an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaid
- Scéim Athghiniúna Tuaithe an N83 Dhún Mór
- Díothú IAPS
- Seirbhíse M6
- Mótarbhealach an M17 M18 An Gort / Tuaim
- N59 An Clochán - An Teach Dóite
- N59 Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn
- R336 Bearna go Scríb via Ros An Mhíl
TUAIRISC AR AN SCÉIM
Soláthrófar faoin scéim bheartaithe saoráid chomhroinnte do rothaithe agus coisithe chun an tsaoráid atá ann cheana féin a cheangal le sráidbhaile Bhaile an Doirín. Beidh sé comhdhéanta de leagan amach raon rothar 760m ar fhad agus 3.0m ar leithead in aice le carrbhealach ó dheas an N67. Ceanglóidh sé le cosán atá ag stáisiún seirbhíse cheana féin áit ina mbeidh crosaire nua rialaithe á fheistiú do choisithe agus rothaithe. Ina theannta sin beidh píosa beag de lána rothaíochta aontreo, 2.0m ar leithead, idir an cosán agus an carrbhealach ó thuaidh ar feadh achar thart ar 30m. Mar thoradh ar an gcrosaire nua rialaithe ag deireadh an lána rothaíochta nua, bainfear as an crosaire neamhrialaithe atá ag an stáisiún seirbhíse faoi láthair.
CUSPÓIRÍ NA SCÉIME
- An baol go dtarlódh imbhuailtí idir úsáideoirí leochaileacha bóthair agus feithiclí a laghdú, go háirithe idir deireadh na saoráide rothaíochta agus coisithe comhroinnte atá ann cheana féin ó dheas den sráidbhaile.
- An ceangal le taitneamhachtaí laistigh de shráidbhaile Bhaile an Doirín a fheabhsú d’úsáideoirí leochaileacha bóithre sa gceantar. Áirítear orthu sin an siopa áitiúil, an tsaoráid cúraim leanaí, an séipéal, an bhunscoil, etc.
- Feabhas a chur ar inrochtaineacht siúil/rothaíochta do gach úsáideoir idir óg agus aosta, beag beann ar a n-ábaltacht.
CEAD PLEANÁLA
Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas faoi Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) ar an 8 Nollag 2023 do Rotharbhealach ar an N67 ó dheas de Bhaile an Doirín, Contae na Gaillimhe de réir Chuid 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).
Glacadh leis an toiliú forbartha ar an 08/04/2004 ag Cruinniú Míosúil Cheantar Bardasach Bhaile Locha Riach.
ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH
Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Uimh 1 2025 Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2025 (Infreastruchtúr Fisiceach, Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála, agus Athrú Aeráide) do Rotharbhealach an N67 ó dheas de Bhaile an Doirín.
Tá ordú déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe (dá ngairtear “an t-údarás áitiúil” anseo feasta), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 76 d’Acht na dTithe, 1966 agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leathnú le halt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, arna ionadú le halt 86 d’Acht na dTithe, 1966, arna leasú le halt 6 d’Acht na mBóithre, 1993 agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a bhfuil an teideal sin thuas air agus atá le cur faoi bhráid an Bhoird Pleanála lena dhaingniú.
Má dhaingnítear é, údarófar leis an ordú don údarás áitiúil an talamh a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis seo a fháil go héigeantach chun an N67 ó Dheas de Rotharbhealach Bhaile an Doirín agus na hoibreacha coimhdeacha agus iarmhartacha go léir a fhoirgniú lena n-áirítear struchtúir, dromchla bóthair, marcálacha bóthair, oibreacha rochtana agus cóiríochta, agus oibreacha gaolmhara eile, a sholáthar sna bailte fearainn seo a leanas
ID: 63552 Ainm: An Pollach ID: 62240 Ainm: An Gort Rua ID: 60200 Ainm: Baile an Doirín
Ordú Ceannaigh Éigeantaigh & Sceideal
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte