Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna Gaeltachta
- Other relevant links
- Culture Night
- Artists in Schools Scheme
- Artists Support Scheme
- Community Support Scheme
- Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna Gaeltachta
- Tiny Mutiny
Tá an Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna Gaeltachta 2024 dúnta.
Tá iarratais á lorg ag Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe agus Ealaín na Gaeltachta ó ealaíontóirí agus scoileanna le haghaidh Scéim Ealaíontóirí I Scoileanna Gaeltachta 2024.
Is é cuspóir na scéime seo ná taithí a thabhairt do scoileanna Gaeltachta i gContae na Gaillimhe - daltaí agus múinteoirí - ar bheith ag obair i gcomhar le healaíontóir gairmiúil ar thionscadal cruthaitheach thar thréimhse ama.
Tá an scéim seo oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht. Is mar seo a shainmhínítear na healaíona dúchasacha: amhránaíocht ar an sean-nós, ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, agus na healaíona béil (scéalaíocht, agallamh beirte, lúibíní). Roghnófar 2 ealaíontóir agus 2 scoil sa bhliain 2024.
Spriocdháta: Déardaoin, 21ú Márta 2024 ag 4 i.n.
Má tá ceisteanna agat maidir le hiarratas a dhéanamh, seol ríomhphost chuig artsoffice@galwaycoco.ie.
Cláraigh anseo le haghaidh seisiún eolais Dé Máirt 5ú Márta ag 6 i.n.
Is féidir teacht ar fhoirmecha iarratais Scéim Ealaíontóirí I Scoileanna Gaeltachta agus ar thuilleadh mionsonraí maidir leis an scéim anseo:
Sceim Ealaiontoiri i Scoileanna Gaeltachta Ealaiontoir
Sceim Ealaiontoiri i Scoileanna Gaeltachta Scoileanna
Find us
on Facebook
Follow us
on Twitter
Gaeilge
agus Fáilte