Stéibh 2016
- Other relevant links
- Customer Service Contact Details
- Customer Service Forms & Downloads
- Customer Charter
- Complaints and Appeals Procedure
- Accessibility
- Accessibility in County Hall
- Web Accessibility Statement
- Stéibh 2016
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus agus Óige na Gaeltachta faoi choimirce Mhuintearais tar éis teacht le chéile arís le heagrán speisialta den chomórtas amhránaíochta Stéibh a reáchtáil mar chuid de chomóradh Éire 2016.
Comórtas Amhrán do scoileanna is ea Stéibh 2016, ar éirigh thar barr leis an múnla céanna i nGaeltacht Chonamara roimhe seo. Tá an comórtas oscailte anois do gach bunscoil agus meánscoil i gceantar feidhme Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Sonraí & Rannóga
Tá póstaer, rialacha agus eolas iontrála i dtaobh ‘Stéibh 2016’ anseo thíos agus muid ag tabhairt cuireadh do dhaltaí bunscoileanna is meánscoileanna i gContae na Gaillimhe (níl Cathair na Gaillimhe san áireamh) a bheith páirteach sa chomórtas úrnua seo faoi dhá rannóg ar leith:
- Ábhar nuachumtha
- Ábhar Athchóirithe ar stíl nua-aimseartha
Iarratais
Glacfar le hiarratais i bhfoirm filíochta/rannta le ceol nó amhránaíocht agus moltar go mbeadh taifead timpeall trí nóiméad i ngach iarratas.
Roghnófar na hiarratais is fearr le taifeadadh go gairmiúil ar CD agus seolfar an CD úrnua seo mar chuid de Chlár Comórtha 2016 Chontae na Gaillimhe i mí Márta 2016.
Beidh na buaiteoirí le feiceáil ar ‘Ponc’ ar TG4 agus le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh duaiseanna ann do na hiarratais bunscoile agus meánscoile is fearr, chomh maith le hOllbhuaiteoir an chomórtais.
Téamaí na nAmhrán
Cé nach bhful srian á chur ar chruthaíocht ná ábhar na n-iarratas, tá sé inmhianaithe go mbeadh na hiarratais spreagtha ag Éire ilchultúrtha nua-aimseartha na bliana 2016 agus/nó bunaithe ar nó ag tagairt do théamaí Chomóradh Éire 2016 – Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i láthair, Athshamhlú, Ceiliúradh
(Féach thíos do mhíniú iomlán na dtéamaí).
Léiriú Spéise & Spriocdhátaí
Iarrtar ar scoileanna spéis sa chomórtas a chlárú ar líne roimh Dhéardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2015.
Rialacha an Chomórtais
- Tá an comórtas oscailte do bhunscoileanna agus meánscoileanna atá lonnaithe i gceantar feidhme Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
- Tá dhá rannóg sa chomórtas:
- Ábhar Nuachumtha
- Ábhar Athchóirithe ar stíl Nua-Aimseartha
- Glacfar le hamhráin nó filíocht/rannta le ceol agus tá tionlacan ceoil ceadaithe.
- Caithfidh béim a bheith ar an nGaeilge labhartha... ní ghlacfar le ceol uirlise amháin.
- Ní ghlacfar le hábhar atá foilsithe ag an iarratasóir cheana.
- Ní chuirfear cosc ar iarratais atá curtha isteach ar Chomórtas Uile-Oileáin Amhrán Éire 2016.
- Tá sé inmhianaithe go mbeadh na hiarratais spreagtha ag Éire ilchultúrtha nua-aimseartha na bliana 2016.
- Tá sé inmhianaithe go mbeadh na hiarratais bunaithe ar nó ag tagairt do théamaí Chomóradh Éire 2016 – Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i láthair, Athshamhlú, Ceiliúradh (féach thíos)
- Moltar nach rachadh taifead thar thrí nóiméad i ngach iarratas.
- Caithfidh an Fhoirm Iarratais a bheith líonta isteach go hiomlán agus liricí na n-iarratas a bheith curtha ar fáil in éindí leis an iarratas, go leictreonach nó ar r-phost.
- Caithfear an taifead a sholáthar ar CD, ar Chipín Eolais nó trí R-phost (ie. go leictreonach amháin. Comhad .wav nó .mp3 más féidir).
- Moltar do scoileanna spéis a chlárú sa chomórtas roimh Dhéardaoin, 1Deireadh Fómhair2015.
- Glacfar le hiarratais go dtí Déardaoin, 12 Samhain 2015 fiú mura bhfuil spéis cláraithe roimh réidh.
- Is féidir le scoileanna níos mo ná iarratas amháin a chur isteach.
- Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí.
Téamaí Éire 2016: Clár Comórtha Céid
- Cuimhneamh - Cuimhneoimid ar imeachtaí na bliana 1916 i gcomhthéacs iomlán ár staire agus tabharfaimid urraim do na daoine sin ar spreag a misneach agus a n-idéil an náisiún.
- Athmhuintearas - Pléifimid leis na traidisiúin éagsúla ar ár n-oileán agus aithneoimid na insintí éagsúla atá ag daoine sa lá atá inniu ann agus déanfaimid iarracht an todhchaí a shamhlú ar bhealaí a neartóidh síocháin agus athmhuintearas agus meas ar gach traidisiún faoi mar a shamhlaítear in idéil an Fhorógra.
- Cur i láthair - Cuirfimid i láthair go bródúil os ár gcomhair féin agus os comhair an domhain a bhfuil bainte amach againn mar Phoblacht agus taispeánfaimid conas ar ghlacamar ár n-áit ‘i measc náisiún an domhain’, ag cur ár bhféiniúlacht, agus éagsúlacht uile na féiniúlachta sin, in iúl trínár gcultúr agus trínár n-oidhreacht shainiúil féin.
- Athshamhlú - Oibreoimid i gcomhar lenár muintir go léir, go háirithe lenár n-aos óg, sa bhaile agus thar lear, le dúshlán ár mbonn tuisceana a thabhairt agus chun athshamhlú a dhéanamh ar an oidhreacht a sheolfaimid ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht.
- Ceiliúradh - Bainfimid leas as cruthaitheacht ár n-ealaíontóirí agus as samhlaíocht ár muintire go léir chun ceiliúradh a dhéanamh ar idéalachas an Fhorógra.
Find us
on Facebook
Follow us
on Twitter
Gaeilge
agus Fáilte